Is sliabh i dtuaisceart Oileán Acla é an Sliabh Mór[1] (671 m). Is é an sliabh is airde ar an oileán é. Tá baile tréigthe agus tuama ársa ar an bhfána theas. Bhí coilíneacht Phrotastúnach i nDumha Goirt, ar an taobh thoir den sliabh, i rith an 19ú haois. Is ag bun an tsléibhe a bhí teach saoire ag Heinrich Böll.