An Rí Lir (Dráma)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Rí Lir ( Dráma))
Ealaíona TaibhiúcháinAn Rí Lir
The Tragedy of King Lear Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsaothar drámaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
ÚdarWilliam Shakespeare Cuir in eagar ar Wikidata
TeangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh1606 Cuir in eagar ar Wikidata
Seánratraigéide Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomh5 Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe1608 Cuir in eagar ar Wikidata
Personatges
CarachtairLear (en) Aistrigh, Goneril (en) Aistrigh, Regan (en) Aistrigh, Cordelia (en) Aistrigh agus Edmund (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú
Céadléiriú1606 Cuir in eagar ar Wikidata
AmharclannPálás Whitehall Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Aitheantóir Theatricaliay agus 96 Cuir in eagar ar Wikidata
IBDB: 5064
Musicbrainz: 184cc2df-df2f-4d20-a84a-f3a9520539b6 Cuir in eagar ar Wikidata
William Dyce - "An Rí Lir agus agus an t-amadán sa Stoirm"

Is dráma traigéide leis an drámadóir clúiteach Sasanach, William Shakespeare, é An Rí Lir (Béarla: King Lear) a gcreidtear gur scríobhadh é idir 1603 agus 1606. Meastar é a bheith ar cheann dá chuid oibreacha is mó. Tá an dráma Llŷr bunaithe ar fhinscéal Llŷr na Breataine, rí Ceilteach réamh-Rómhánach (tá an focal 'Llŷr' díorthaithe ón Cheiltis choiteann *leros "muir"). Cuirtear é in oiriúint go forleathan ar stáitse agus ar an scáileán, agus pearsa an Rí Lir curtha i ngníomh ag go leor d'aisteoirí saoithiúla an domhain.

Tá dhá leagan ar leith den dráma ann: The True Chronicle of the History of the Life and Death of King Lear and His Three Daughters, a tháinig amach i bhformáid 'in-quatro' sa bhliain 1608, agus The Tragedy of King Lear leagan atá níos fearr don amharclann, a tháinig amach sa Chéad Fhóilió sa bhliain 1623. De ghnáth, clóbhuailtear an dá théacs i leagan cónaidhmithe, cé go n-áitíonn an-chuid d'eagarthóirí na linne seo go bhfuil a shláine féin ag na leagain éagsúla.[1]

Tar éis na hAthghairme is minic go raibh an dráma athraithe ag cleachtóirí amharclainne, toisc nár thathain a bhéim dhúlagair dhorcha leo, ach ón 19ú haois ar aghaidh, amharctar air mar cheann de sáréachtaí Shakespeare. Tá an tragóid seo aitheanta ach go háirithe faoi a thóraíocht doimhneachta agus a bhreithnithe ar nádúr na fulaingthe agus an ghaoil daonna.

Pearsana[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An Rí Lir, Rí na Breataine
  • Goneril (nó Gonerill), iníon is sine an rí.
  • Regan, dara iníon an rí.
  • Cordelia, iníon is óige an rí
  • Diúc na hAlban, céile Ghoneril
  • Diúc Chorn na Breataine, céile Regan
  • An tIarla Gloucester
  • An tIarla Kent, nó Caius
  • Edgar, mac Gloucester
  • Edmund, mac tabhartha Gloucester
  • Oswald, stíobhard Goneril
  • Fool
  • Rí na Fraince, suiríoch agus níos déanaí céile Chordelia
  • Duke of Burgundy, suiríoch Chordelia
  • Curan, courtier
  • Sean-fhear, tionónta Ghloucester
  • Oifigeach, fostaithe ag Edmund
  • Fear, freastalaíonn Cordelia
  • Seirbhísigh go Corn na Breataine
  • Ridirí Traenach Lear s
  • Dochtúir, Oifigigh, Teachtairí, Saighdiúirí agus Freastalaithe

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Taylor, Gary and Michael Warren, ed. The Division of the Kingdoms: Shakespeare’s Two Versions of King Lear. New York: Oxford University Press, 1983