An Prionsa Beag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is saothar Fraincise é An Prionsa Beag (Le Petit Prince i bhFraincis), an saothar is mó aithne de chuid Antoine de Saint-Exupéry. Foilsíodh é i Nua-Eabhrac sa bhliain 1943. Is scéal fileata agus fealsúnach é atá scríofa ar nós gur scéal do pháistí é.

Insíonn gach caibidil don léitheoir faoi cad a tharlaíonn nuair a chasann an Prionsa beag le duine mór le rá mar dhea. Bíonn mearbhall air nuair a fhágann sé slán leo mar is léir dó nach dtuigeann siad cé chomh seafóideach is atá na rudaí a dhéanann siad agus a dheir siad. Is féidir na teagmhálacha seo a thuiscint mar fháthchialla.

Is an leabhar Fraincise is mó díol riamh é agus aistríodh é go breis agus 180 teangacha ar fud na cruinne.