An Phaipeamaintis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaAn Phaipeamaintis
Papiamentu
Cineálteanga, fásteanga, teanga bheo agus teanga nádúrtha
Úsáid
Cainteoirí dúchais319,000 (1999)
StáitArúba, an Ísiltír, Curaçao agus Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
pidsean nó criól
Portuguese-based creole languages (en) Aistrigh
Afro-Portuguese creoles (en) Aistrigh
creoles of Upper Guinea (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachtaaibítir Laidineach
Cóid
ISO 639-2pap
ISO 639-3pap
Glottologpapi1253
Linguasphere51-AAC-be
Ethnologuepap
IETFpap

Teanga is ea an Phaipeamaintis (papiamentupapiamento) a labhraítear in Oileán Aruba, Oileán Bonaire agus Oileán Curacao i Muir Chairib. Fásteanga atá ann agus í bunaithe ar an bPortaingéilis, mar a mheastar. Inniu, áfach, tá foclóir na teanga níos cosúla leis an Spáinnis. Thairis sin, tá go leor focal ann a tháinig isteach ón Ollainnis, ón mBéarla agus ó theangacha bundúchasacha Mhuir Chairib. Tá stádas oifigiúil ag an bPaipeamaintis in Aruba agus Curacao, agus aitheantas áirithe á thabhairt di i mBonaire, Sint-Eustatius, agus Saba.

Níl sé soiléir conas a tháinig an Phaipeamaintis ar an bhfód. Tá teoiricí éagsúla ann: go bunúsach, is í an cheist is mó ná, cé acu a d'fhorbair sí sna hAintillí Ollannacha an chéad uair, nó taobh amuigh díobh - san Afraic mar shampla. Sa séú agus sa seachtú haois déag tháinig an chuid ba mhó de na sclábhaithe Afracacha go dtí na hAintillí ó na cuanta Portaingéalacha cosúil le Cabo Verde, agus labhraítear fásteangacha Portaingéilise sna háiteanna sin inniu nach bhfuil ródhifriúil leis an bPaipeamaintis.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]