An Neipeailis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Neipeailis
(नेपाली / Nepālī)
Á labhairt: Neipeal, India, an Bhútáin
Réigiún: An Áise Theas
Cainteoirí san Iomlán: 17 milliún (mar theanga dhúchasach);
40 milliún san iomlán
Rang: 56
Líne ghinealaigh: Ind-Eorpais

 Ind-Iaráinis
  Ind-Airiainis
   Pahari
    Neipeailis

Stádas Oifigiúil
Teanga Oifigiúil: Neipeal, Sikkim na hIndia
Foras Pleanála Teanga: Acadamh Teanga Neipeal
Cóid teangeolaíocha
ISO 639-1 ne
ISO 639-2 nep
ISO 639-3 nep
Amharc ar: TeangaLiosta Teangacha

Is í an Neipeailis (Nepali) príomhtheanga Neipeal agus teanga oifigiúil na tíre. Tá sí á labhairt i Neipeal féin agus sna ceantair in aice leis an tír sin. Ceann de na teangacha Ind-Áiríocha is ea í, agus gaol dlúth aici, mar sin, leis an Hiondúis agus le cuid mhór eile de theangacha na hIndia. Tá an Neipeailis níos seanársa ná an Hiondúis, agus níl an oiread céanna d'fhocail Pheirsise in úsáid inti.

Is é Nepali an t-ainm oifigiúil ar an teanga sa teanga féin, ach tugtar Khaskura agus Gurkhali uirthi freisin. Is í teanga dhúchais na nGurcach í, dream eitneach ó Neipeal a bhí ag soláthar saighdiúirí d'arm coilíníoch na Sasanach i laethanta na hImpireachta Briotanaí.

Ní mór an Neipeailis a aithint thar an teanga Nepal Bhasa, nach bhfuil lúb ghaoil ar bith aici léi. Teanga thábhachtach í i Neipeal freisin.