An Mhainicéasaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ceann de na seanreiligiúin Iaránacha is ea í an Mhainicéasaíocht. Tá sí imithe anois, agus an chuid is mó de scríbhinní a fáidhe, Mani, ar iarraidh freisin, ach tá aithne éigin ar an gcreideamh ó fhoinsí dara láimhe, go háirithe ó scríbhinní Naomh Aibhistín, a d'iompaigh ón Mainicéasaíocht chun na Críostaíochta.

Bunús[athraigh | edit source]

B'é an fáidh Mani a bhunaigh an Mhainicéasaíocht sa tríú haois i ndiaidh bhreith Chríost. Bhí cónaí ar Mani sa Bhabloin, in Impireacht na Peirse, agus b'í an Aramais a theanga dhúchais inar chum sé an chuid ba mhó de scríbhinní bunaidh na Mainicéasaíochta. Lena linn féin, áfach, aistríodh na scríbhinní go Meán-Pheirsis, agus cuireadh an reiligiún féin in oiriúint do théarmaí an tSorastrachais.

Diagacht[athraigh | edit source]

Is é an déachas príomhghné na diagachta Mainicéasaí. Ghlac Mani leis go raibh dhá fhórsa móra san ollchruinn ó thús, mar atá, an solas agus an dorchadas. Bhí síocháin faoi réim i ríocht an tsolais, agus síorchogadh i ríocht an dorchadais. Tháinig ár n-ollchruinne féin chun saoil nuair a rinne an dorchadas ionsaí ar an solas, agus b'é an Spiorad Beo ó ríocht an tsolais a chruthaigh an ollchruinne as meascán an tsolais agus an dorchadais.

Bhí na Mainicéasaigh dírithe ar gach traidisiún reiligiúnda dá raibh ann a chur san áireamh ina gcreideamh. Mar sin, d'éirigh leo cuid mhaith scríbhinní de chuid Críostaithe eiriceacha a shábháil a bhí á ngéarleanúint ag na Críostaithe ceartchreidmheacha. Dúirt Mani féin gur "deisceabal de chuid Chríost" a bhí ann, ach ní raibh ina chuid diagachta, dar leis an Eaglais, ach eiriceacht ghlan. D'fhógair Mani gur "paraicléat" a bhí ann féin, is é sin, "fortaitheoir" nó "sólásaí" nó sórt idirghabhálaí idir Dia agus an duine. Deirtear sa Bhíobla Gréigise gurb é Críost féin an "paraicléat", ach tagraítear do Chríost freisin mar "chéad pharaicléat", rud a thugann le fios go bhféadfadh sé go dtiocfaidh paraicléit eile ina dhiaidh.

Pointe tábhachtach i ndiagacht na Mainicéasaíochta is ea é nach bhfuil Dia maith uilechumhachtach ann. Ar an mbealach seo, d'fhuascail an Mhainicéasaíocht fadhb na teoidicé nó ceist an oilc. Ós rud é go bhfuil an t-olc chomh láidir leis an maith, níl sé ciallmhar an cheist a chur, cén fáth a gceadódh dia grámhar uilechumhachtach go mbeadh an t-olc ann ar aon nós. Tá fórsa an tsolais agus fórsa an dorchadais ag cur síor-chogaidh ar a chéile, agus is é anam an duine machaire an áir.

Úsáid mheafarach[athraigh | edit source]

Is minic a thugtar mainicéasaíocht i ngnáthchaint na ndaoine léannta ar gach cineál déachais nach n-aithníonn ach aon mhaith amháin agus aon olc amháin ar an saol, agus nach dtuigeann gur féidir do rudaí bheith idir olc agus mhaith san am céanna.