An Leabhar Uaine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is é an Leabhar Uaine (Green Book) an lámhleabhar oiliúna agus treorach a eisíonn an tIRA le haghaidh a chuid Óglach. Eagraíochtaí náisiúnaíocha agus iad gníomhach i ndiaidh Chogadh Cathartha na hÉireann, cosúil leis an gCéad IRA, Cumann na mBan, agus na Sealadaigh a bhain úsáid as an Leabhar Uaine. Is éard a leagtar amach sa Leabhar Uaine ná cuspóirí na gleice armtha atá an tIRA a chur, an córas oirbheartaíochta, agus na coinníollacha atá le comhlíonadh le go bhféadfar a rá go bhfuil an cath briste ar Arm na Breataine Móire agus comhghuaillithe an Airm sin. Mar a chonaic an tIRA agus na Sealadaigh an scéal bheadh céim mhór chun tosaigh sa bhua mhíleata seo in iarrachtaí leanúnacha na gluaiseachta Poblachtánaí le hÉirinn a shaoradh ó bhráca na nGall. Tá an Leabhar Uaine á úsáid mar threoirleabhar polaitiúil agus míleata ag na heagraíochtaí armtha Poblachtánacha ó na caogaidí anuas, ar a laghad.

Stair[athraigh | edit source]

Sa Ríocht Aontaithe, i bPoblacht na hÉireann agus i dtíortha áirithe eile, glactar leis gur eagraíochtaí coiriúla sceimhlitheoireachta íad an tIRA agus na dreamanna Éireannacha Poblachtánacha a tháinig sna sálaí aige, agus mar sin, ní féidir an Leabhar Uaine a chlóbhualadh go hoscailte. Mar sin, is gnách é a fhoilsiú ar chúla téarmaí agus cóipeanna a bhronnadh ar na hÓglaigh nua-earcaithe de réir mar a fháiltítear isteach iad le haghaidh na gleice armtha. De thoradh na rúndachta seo, níor cuireadh ach dhá eagrán ar fáil don ghnáthléitheoir go nuige seo. An chéad eagrán a tháinig chun solais, foilsíodh sa bhliain 1956 é, agus dealraíonn sé gur téacs iomlán atá ann. An dara heagrán a bhfuil aithne fhorleathan air, níltear cinnte faoi bhliain a fhoilsithe, ach tháinig trí pháirt de chun solais sa bhliain 1977, nuair a bhí Séamus Ó Tuama, Ceann Foirne an IRA, á choinneáil in imtheorannú, agus is gnách "eagrán na bliana 1977" a thabhairt air.

Tháinig deireadh le gleic armtha an IRA sa bhliain 2005, agus bhí an sos cogaidh i bhfeidhm i bhfad roimhe sin ag an IRA. Mar sin, is dócha nár cuireadh leagan nua in eagar le déanaí. Scéal eile é go bhfuil sé incheaptha gur eisigh dreamanna beaga d'easaontóirí Poblachtánacha eagráin nua dá gcuid féin.

An Dóigh a Láimhseáiltear an Leabhar Uaine[athraigh | edit source]

Bronntar cóipeanna den Leabhar ar na hÓglaigh mar chuid den oiliúint chogaíochta, agus glactar leis gur cáipéis rúnda é nár chóir a chur ar fáil do dhaoine nach baill den IRA iad, ná fiú trácht air i gcomhrá leo siúd. Ní ceadmhach an Leabhar ná aon chineál treoracha oiliúna nó straitéise eile a nochtadh don tsaol mhór, rud a dhéanfadh an-dochar don ghluaiseacht, agus mar sin, is dócha go ngearrfar pionós dian - armchúirt fiú - i bhfeidhm ar an té nach gcloífidh leis an rúndacht seo. An tÓglach a mbronnfar cóip den Leabhar air, caithfidh sé an méid iomlán a léamh ó thús deiridh agus a fhoghlaim, na rialacha iompraíochta agus cogaíochta a urramú mar a leagtar síos sa leabhar iad, agus na treoracha a thugtar sa leabhar a chur i bhfeidhm go neamhspleách. Is léir nach n-iompóidh an rúcach nua-earcaithe ina Óglach déanta i ndiaidh an Leabhar a léamh, nó teastaíonn oiliúint phraiticiúil cogaidh uaidh chomh maith, ach mar sin féin, tugann an Leabhar léargas cuimsitheach don léitheoir a chuideoidh leis é féin a ullmhú don fhiannas san eagraíocht.

An Dá Eagrán[athraigh | edit source]

An dá eagrán atá ann, bhí siad in úsáid nuair a bhí an tIRA sáite i bhfeachtas armtha. I ndeireadh na gcaogaidí, ba é Feachtas na Teorainne (an Border Campaign) é, agus sna seachtóidí, bhí feachtas dá chuid féin idir lámhaibh ag na Sealadaigh.

Is féidir idir chosúlachtaí agus difríochtaí a aithint sa dá eagrán, rud a thugann le fios gur leabhar "beo" atá ann agus é á chur in atheagar go tráthrialta. Ar na difríochtaí a aithnítear athruithe a chuaigh ar ghnéithe éagsúla den eagraíocht, ar nós:

  • polasaí polaitiúil agus struchtúr sóisialta na gluaiseachta;
  • straitéis agus oirbheartaíocht mhíleata na gluaiseachta;
  • neart míleata na heagraíochta; agus
  • teicneolaíocht agus oirbheartaíocht na naimhde.

Na scoiltí a chuaigh ar an IRA ó na fichidí go dtí na caogaidí, ní féidir iad a aithint ar dhoiciméad na bliana 1956. Scéal eile é go bhfuil forbairt na teicneolaíochta míleata agus na modhanna oibre frithcheannairce. Tagraíonn an Leabhar do T.E.Lawrence ("Lawrence na hAraibe" a bhí i gceannas ar na treallchogaithe Arabacha nuair a bhí siad ag dul chun cearmansaíochta ar an Tuirc Otamánach le cabhair Shasana) agus don Mharascal Machaire William Slim (ceannasaí míleata Sasanach a throid sa dá Chogadh Domhanda) araon. Chuaigh smaointí an Bhriogáidire-Ghinearáil Frank Kitson i bhfeidhm ar an dara heagrán. (Oifigeach Sasanach é Kitson a bhí ag cur faoi chois ceannaircí sna coilíneachtaí i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, cosúil le hÉirí Amach Mau Mau sa Chéinia agus an Éigeandáil Mhalaech i Leithinis Mhalae - an Mhalaeisia, inniu.)

Ábhar an Leabhair[athraigh | edit source]

Tá eolas sa leabhar faoi na hábhair seo leanas:

  • fealsúnacht pholaitiúil an IRA
  • stair na hÉireann agus í leagtha amach i dtéarmaí an chatha in aghaidh na nGall;
  • cuspóirí míleata na heagraíochta;
  • straitéis mhíleata na dtreallchogaithe;
  • an gléasra míleata agus na huirlisí ar féidir le lucht treallchogaíochta leas a bhaint astu;
  • an gléasra míleata agus an oiliúint in úsáid na n-uirlisí atá ar fáil don IRA;
  • na teicníochtaí bolscaireachta i dtimpeallacht na n-oibríochtaí catha;
  • na teicníochtaí ceastóireachta agus an dóigh le cur ina n-aghaidh.


Tá tagairtí sa leabhar do na fórsaí armtha agus na fórsaí speisialta sna tíortha éagsúla, go háirithe sa Ríocht Aontaithe, idir oiliúint, fhorbairt, agus oirbheartaíocht.

An Comhthéacs Stairiúil[athraigh | edit source]

Cuireann cáipéis na bliana 1956 foréigean agus forghabháil na hÉireann i gcoimhthéacs stair fhada na gleice armtha in aghaidh na forghabhála. Is é is ábhar an chéad chaibidil sa leabhar ná an stair seo agus í á leagan amach de réir thuiscint na heagraíochta. Tugann sí eolas i leith na gCeithearnach Coille, Cath Bhéal an Átha Bhuí, Eoghan Rua Ó Néill, éirí amach na bliana 1798, na nÉireannach Aohtaithe, Shéamais Fhionntáin Uí Leathlobhair agus Chogadh na nDúchrónach. Deirtear gur cuid d'fhrithbheartaíocht dhleathach mhuintir na hÉireann iad na himeachtaí seo go léir. Tá blas láidir rómánsúil ar an bplé seo agus é dírithe ar ghinealas na gleice armtha a léiriú, nó is é an ginealas seo is foinse dleathachta don chath atá an tIRA ag cur ar arm forghabhála na nGall in Éirinn.