An Fhrainc sna Meánaoiseanna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Fhrainc sna Meánaoiseanna

Suíomh

Clúdaíonn an Fhrainc sna Meánaoiseanna achar a bhí beagnach comhfhreagrach leis an Fhrainc mar atá sí sa lá atá inniu ann, ó bhás Lughaidh Cráifeach sa bhliain 840 go lár an 15ú haois. Bhí stair na Meánaoiseanna sa bhFrainc marcáilte le:

  1. An Ríocht Iar-Fhrancach (Laidin:Francia Occidentalis) (843-987) agus ionraí na Lochlannach agus dhíchóimeáil na hImpireachta Cairilínsigh, de réir a chéile, ag cumhachtaí áitiúla,
  2. saothrú tuille córas geilleagra an mhainéarachais agus chóras feodach na gceart agus na n-oibleagáidí idir tiarnaí agus vasáilligh.
  3. fás an réigiúin faoin ríora Chapetach (987-1328) agus a choimhlintí leis na réigiúin Normannacha agus Phlantaigíneacha.
  4. tréimhse fáis agus foráis na healaíne agus na litríochta ón 12ú haois go dtí an 14ú haois luath,
  5. ardú céime Ríora de Valois (1328-1589), géarchéim fhada ríorach Cogadh Céad Bliain le Ríocht Shasana (1337-1453) agus an Galar Dubh, an eipidéim thubaisteach (1348), agus
  6. leathnú an náisiúin Fhrancaigh sa 15ú haois agus cruthú braiste féiniúlacht na Fraince.

Tíreolaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó na Meánaoiseanna ar aghaidh chreid rialtóirí na Fraince go raibh teorainneacha nádúrtha ag a ríochtaí: na Piréiní, na hAlpa agus an Réin. Baineadh úsáid as an dearcadh seo mar leithscéal le haghaidh polasaithe ionsaitheacha agus ionraí leantacha. Ní raibh bunús réaltacht ag baint leis an mheom seo, áfach, mar nach raibh gach ceann de na críocha ina gcuid den Ríocht agus bheadh údarás na Rí laistigh dá ríocht athraitheach ​​go leor. Léirigh na tailte sa Ríocht éagsúlacht gheografach mhór, bhí an aeráide measartha taitneamhach sna codanna thuaidh agus lárnach ach bhí deisceart na ríochta níos gaire don aeráid Mheánmharach.

Bíonn plé ar mhéid na Fraince sna Mheánaoiseanna casta go leor, mar caithfidh idirdhealú a bheith déanta idir tailte i seilbh pearsanta an rí (an "domaine royal") agus na tailte eile i seilbh faoi umhlóid ag na tiarní. Ní raibh an coincheap res publica, a bhí faighte ó oidhreacht ón chúige Rómhánach an Ghaill (An Laidin: Gallia), á chothabháil go hiomlán ag Ríocht na bhFranc nó ag Impireacht na gCairlínseach, agus fiú sna mblianta tosaigh ag na ríthe Capetacha. Is féidir a rá nach raibh i 'Ríocht na Fraince' níos mó ná finscéal.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]