An Féineachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ba chóras dlí in Éirinn sa Mheánaois é an FéineachasDlí na mBreithiún. Fada roimh an gCríostaíocht, bhí córas dlí i bhfeidhm in Éirinn ar a dtugtar "Féineachas" inniu. Dar le foinsí éigin, d'fhéadfadh go raibh na dlíthe seo i bhfeidhm 3500 bliain roimh Ré Chríost. Ní raibh litearthacht ar na Gaeil um an dtaca sin, agus bhí siad ag brath ar chóras béil chun na dlíthe a spreagadh agus a choinneáil. Níl mórán ar eolas againn faoi na dlíthe roimh theacht Naomh Pádraig chuig Éirinn, mar nár scríobhadh aon rud faoi ag an am sin.