An Fáinne Órga (An Rúis)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tugann na Rúisigh an Fáinne Órga (Rúisis: Золото́е кольцо/Zolotoye koltso) ar fháinne de chathracha beaga atá suite soir ó thuaidh ó Mhoscó. Cathracha iad seo a bhfuil stair fhada eaglasta acu, agus clú is cáil ar an ailtireacht Mheánaoiseach atá le feiceáil ansin, idir mhainistreacha, dhúnfoirt, agus eaglaisí. Tá an Fáinne Órga ina cheantar mór turasóireachta agus ina chúis mhór bhróid náisiúnta ag na Rúisigh.

Is iad na cathracha san Fháinne Órga ná Sergiyev-Posad, Pereslavl-Zalesskiy, Kostroma, Rostov, Yaroslavl, Ivanovo, Gus-Khrustalnyi, Vladimir, Suzdal, Aleksandrov, Uglich, agus Rybinsk.