An Dá Aspal Déag

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Dá Aspal Déag

Sa Chríostaíocht, tugtar an Dá Aspal Déag (sean-Ghréigis: ἀπόστολος apostolos, an té atá seolta mar theachtaire) ar na misinéirí a roghnaigh Íosa Críost chun an Eaglais Chríostaí a bhunú agus an Dea-scéala a scaipeadh. Go traidisiúnta, sin iad Peadar, Aindrias, Séamas Mór, Séamas Beag, Eoin, Pilib, Parthalán, Matha, Tomás, Tadáias, Síomón, agus Iúdás Isceiriót. Ghlac Maitias áit Iúdás Isceiriót níos déanaí.