An Cumann Gaelach (Ollscoil na Banríona)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaAn Cumann Gaelach
Sonraí
Cineáleagraíocht Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh30 Eanáir 1906
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú

Suíomh gréasáingaelach.society.qub.ac.uk Cuir in eagar ar Wikidata

An Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona (nó Ollscoil na Ríona) (Béarla: Queen's University / QUB), Béal Feirste

Bunaíodh Cumann Gaelach na hollscoile seo go luath sa bhliain 1906, agus ar an 30ú Eanáir 1906 a bhí an chéad cruinniú.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é seo an chéad chumann ar an ollscoil a raibh baint aige leis an Ghaeilge, cé go raibh ranganna Gaeilge ar siúl roimhe seo ag lucht a bhunaithe. Bhí an Cumann Gaelach ar an chéad chumann teanga ar an ollscoil fosta, nó ní raibh ar an ollscoil ag an am ach roinnt cumann aclaíochta, an Literary and Scientific Society agus an Christian Union. Mar sin de, tá an Cumann Gaelach i measc na cumainn is sine ar an ollscoil seo.

Is iomaí athrú a tháinig ar an tsochaí agus ar an ollscoil ó bunaíodh an Cumann. Sa bhliain 1906, ní raibh ach ceithre chéad mac léinn cláraithe ar an ollscoil, agus ina measc seo ní raibh ach cúig Chaitliceach is fiche - sa lá atá inniu ann, tá thart fá fiche míle mac léinn ar an ollscoil, agus is Caitlicigh breis is leathchuid acu seo. Protastúnaigh ar fad a bhí i lucht bunaithe an Chumainn. Ní raibh aon baint ag an Ghaeilge leis an pholaitíocht nó leis an tseicteachas in intinn an phobail i rith na tréimhse seo, agus tá sé fós mar phríomhchuspóir ag an Chumann dearcadh neamhsheicteach i leith na Gaeilge a chur chun cinn.

Sir William Porter MacArthur (1884-1964)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba é William MacArthur (1884-1964) an chead uachtarán, mac léinn le leigheas a bhí ann nuair a bunaíodh an Cumann, agus d'fhoghlaim sé a chuid Gaeilge i gCloch Cheannfhaolaidh in iarthar Thír Chonaill. Ina dhiaidh sin, áfach, chuaigh sé le bheith ina shaighdiúir in arm Shasana, agus bhain an teideal 'Lt-Gen. William MacArthur, KCB, DSO, OBE, FRCP, FRCPI' amach dó féin. Is doiligh a shamhlú go mbeidh a leithéid d’Uachtarán againn arís!

1920í 7 1930í[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó am a bhunaithe go dtí 1920, ní raibh tionchar ar bith ag cúrsaí polaitíochta ar an Chumann. Chuaigh tríoblóidí na 1920idí go mór i bhfeidhm ar ghluaiseacht na Gaeilge ar fud an Tuaiscirt, áfach, agus is ansin a tháinig cuma sheicteach ag an dearcadh a bhí ag daoine i leith na Gaeilge. Ar an drochuair, ní raibh pobal Protastúnach na hollscoile chomh gníomhach sa Chumann ó shin i leith. Idir 1925 agus 1929 bhí an Cumann beagnach marbh ar fad, go dtí gur tháinig athbheochán ar ghluaiseacht na Gaeilge san ollscoil thart fán bhliain 1930.

Sa bhliain 1936 bunaíodh an Comhchaidreamh, eagras a raibh sé mar chuspóir aige nascanna a chothú idir cumainn Ghaelacha na n-ollscoileanna uilig. Bhí dlúthbhaint ag Cumann na hOllscoile seo leis na cumainn Ghaelacha eile in Éirinn go dtí na 1970idí - bhíodh díospóireachtaí agus drámaí ar siúl ó am go ham a raibh baint ag mic léinn na n-ollscoileanna eile leo - ach ar an drochuair tá na nascanna seo imithe i léig, cé go bhfuil sé ar intinn againn iad a chothú arís.

1950í, 1960í 7 1970í[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh an Cumann ó neart go neart idir 1950 agus 1970, toisc go raibh méadú mór ar líon na mac léinn i rith na tréimhse seo agus go raibh athbheochan cultúrtha na Gaeilge an-láidir i mBéal Feirste. Bunaíodh iris an Chumainn, An Scáthán, sa bhliain 1950, agus eisíodh é trí nó ceithre huaire in aghaidh na bliana. I rith na 1960idí agus na 1970idí, chuaigh baill an Chumainn go Gaeltacht Bhéal an Átha Móir i dTír Chonaill go rialta, agus rinne siad a lán oibre ar son an phobail ansin, mar shampla, chuidigh siad le muintir na háite ionad pobail a thógáil. Bhí breis is 300 ball ag an Chumann i rith na 1970idí, rud nach raibh le feiceáil roimhe nó ó shin, ach tá súil againn go mbeidh a leithéid d'athbheochan le feiceáil arís gan mhoill!

Na laethanta seo[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa lá atá inniu ann, is í an Ghaeltacht a dtugann an Cumann cuairt uirthi go rialta ná Rann na Feirste, toisc go mbíonn na mic léinn le Gaeilge ag freastal ar chúrsaí samhraidh ansin mar chuid den chéim. Téimid go dtí an Spidéal i gCo. na Gaillimhe uair sa bhliain fosta, ionas go mbeidh taithí ag na baill ar chanúintí eile na Gaeilge, seachas bheith eolach ar chanúint an Tuaiscirt amháin. Is léir go bhfuil ré úr na Gaeilge le feiceáil ar an ollscoil seo, mar gheall ar ghluaiseacht na Gaelscolaíochta sa chathair seo agus ar fud na hÉireann. Tá léar mór daoine anois ar an ollscoil a bhfuil Gaeilge acu, idir fhoghlaimeoirí agus chainteoirí líofa, agus is ar na daoine seo a bhíonn an Cumann ag freastal.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]