An Comar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Comar

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°32′38″N 5°44′06″W / 54.544°N 5.735°W / 54.544; -5.735
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheTuaisceart Éireann
Contae i dTuaisceart na hÉireannContae an Dúin Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poistBT23 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód028 Cuir in eagar ar Wikidata
Logainm.ie1165875

Is baile suite in oirthuaisceart Chontae an Dúin, i dTuaisceart Éireann é an Comar.[1] Tá sé suite cúig mhíle ó dheas ó Bhaile Nua na hArda, ag ceann thuaidh Loch Cuan. Scríobhtar 'An Comar' sa lá atá inniu ann, ar leagan stairiúil de 'cumar' é, tagairt do dhá shruth ag teacht le chéile cóngarach do bhruacha thoir thuaidh an locha. Ritheann Abhainn an Chomair (a shíolraíonn ó fhoinsí éagsúla i gCnoic an Chaisleáin Riabhaigh i lár thuaisceart Chontae an Dúin) ó Dhún Dónaill aduaidh tríd an bhaile i dtreo Loch Cuan ó dheas agus tá an dobhar le feiceáil gar don phríomhchearnóg. Go deimhín tchítear an cumar féin céad slat soir ó Chill Mhuire, Eaglais na hÉireann. Tráth dá raibh, thugtaí Domnach CombairDomhnachcumbuir ar an áit, Ballemonestra (nó Baile Mainsistreach), agus Balle-Cumber (nó Baile an Chomair) air chomh maith. Tá an baile lonnaithe i bParóiste Dlí an Chomair atá mar chuid de Bharúntacht an Chaisleáin Riabhaigh Íochtarach. Anuas go 1973 riaradh an baile i gCeantar Tuaithe an Dúin Thuaidh, ach aistríodh an bhliain dár gcionn é go Comhairle Bhuirg Bhaile Nua na hArda. Mhair an Chomhairle Bhuirg sin ó 1974 go 2014, agus ó shin i leith tá An Comar faoi stiúir Chomhairle Bhuirg an Dúin Thuaidh agus Bhaile Nua na hArda. Bíonn iomrá ar an bhaile as siocair gur ann a dhriogtaí uisce beatha a ainmnítí ina ómós féin, mar a bhíodh Comber Whiskey. Ba ann fosta a rugadh Thomas Andrews, dearthóir na loinge ollmhóire daorluacha, an RMS Titanic, fear a cailleadh i measc na mílte de phaisinéirí eile nuair a chuaigh an long síos go tóin na farraige in Aibreán na bliana 1912. De réir daonáireamh na Ríochta Aontaithe 2011 tá cónaí ar 9,071 duine ar an bhaile.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Comar an dá ailt, as a ainmníodh an baile, mar a dtagann Abhainn an Ghleanna agus Abhainn Enler le chéile. Creditear go raibh eaglais anseo ó aimsir Phádraig. Bunaíodh mainistir Chistéirseach timpeall na bliana 1200 ar láthair na heaglaise reatha de chuid Eaglais na hÉireann. Ba chosúil gur roghnaíodh an suíomh toisc a chóngaraí is a bhí do Loch Cuan. I ndiaidh do Rí Anraí VIII na mainistreacha a dhíscaoileadh in 1541, thit an mhainistir ina fothracha agus úsáideadh roinnt de na clocha i dtógáil na bhfoirgneamh maguáird.

Cill Mhuire, Eaglais na hÉireann
Taobh istigh na heaglaise

Le teacht na nAlbanach go luath sna 1600aidí, d'fhás lonnaíocht ag an Chomar. I dtosach cruinníodh fás an bhaile thart faoi mhíle de shiúl na gcos ó dheas ón áit a bhfuil an phríomhchearnóg anois i mbaile fearainn darb ainm Na Catóga. Dealraítear go mbaintí feidhm as an lonnaíocht mar phort báid is loinge i measc na gceannaithe is na n-iascairí. Faoin bhliain 1700 ámh, bhí fócas an bhaile tar éis bogtha beagáinín ó thuaidh, thiontaigh an baile ina chroílár tionsclaíochta agus cuireadh muillinn ar bun.

Ba mar gheall ar theaghlach Albanach amháin, clann Andrews, a rinneadh lárionad déantúsaíocht línéadaigh agus giniúint arbhair as baile an Chomair roimh theacht na 1750aidí. Tionscadal suntasach eile ar an bhaile ab é driogadh an uisce beatha faoin bhliain 1850. I measc na ndriogairí ba mhó le rá bhí John Miller, uncail de chuid Tiarna William James Pirrie agus Eliza (bean chéile Thomas Andrews mhóir). Thoil a mhacsa cáil mhór agus luaitear ainm an teaghlaigh go fóill le tógáil an RMS Titanic. Faoin bhliain 1841, bhí 1,400 duine ina gcónaí ar an bhaile. Le linn na fichiú haoise, chaill An Comar srian maith dá chuid tionsclaíochta, ach d'aiséirigh sé mar bhaile dórtúir do mhórcheantar Bhéal Feirste. Tá daonra an bhaile i ndiaidh atadh go mór ó 4,000 in 1961 go dtí 8,933 in 2001, agus uaidh sin go nuige 9,071 deich mbliana dár gcionn.

An Chearnóg. Leacht Gillespie agus Cill Mhuire le feiceáil ar a chúlaibh.

I gCearnóg an Chomair tchítear dealbh an Mhaorghinearáil Rollo Gillespie. Duine de bhunadh na háite ab é Gillespie, ar laoch áir ón naoú céad déag é, agus clú air sa dúiche as oirbhearta curata san Ind. Tógadh an dealbh faoi mhaoracht John Fraser, duine a bhí ina chéad Suirbhéir Chontae an Dúin, agus nochtadh an leacht ar 24ú Iúil 1845 (Lá Fhéile Eoin). Chruinnigh leathchéad de lóistí an Oird Mháisiúnaigh le chéile le go dtiocfadh leo nochtadh an leachta a fheiceáil, agus creidtear gurb é an t-ollchruinniú ba mhó riamh i stair an Oird in Éirinn. Ríomhadh gur tháinig idir 25,000 is 30,000 duine le chéile chun freastal ar an searmanas. Tá an colún 55 throigh in airde. Ag bun an cholúin is féidir roinnt siombail agus comharthaí a fheiceáil a bhfuil baint acu leis an Ord Mhaisiúnach, mar aon le focail scoir Gillespie féin, mar a bhí "One shot more for the honour of Down". Tá leac chuimhneacháin ann fosta dóibh siúd a fuair bás i mórthragóid an RMS Titanic, long a bhfuil dlúthcheangal aige leis an bhaile.

Bíonn tuilte in Abhainn Enler leis na ciantaibh. Mar gheall air sin, tógadh balla tuile an Chomair farais an abhainn tríd an bhaile anuas.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]