An Cholú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Cholú

Is oileán 250 heicteár (beagnach 1 míle cearnach) é An Cholú (Gaeilge Mhanann: y Cholloo) amach ó chósta thiar theas d'Oileán Mhanann. Tá stráice cúng d'uisce ar a dtugtar an Caolas idir an Cholú agus oileán Mhanann. Mar an gcéanna na hinsíní in aice láimhe, Carraig na gCearc (Gaeilge Mhanann: Carrick ny Kirkey) agus Famman Kitterland, tá sé mar chuid de pharóiste Rosien. Bíonn 2 áitritheoir ag fanacht ann ar bhonn séasúrach. Tagann an focal 'colú' ón bhfocal kalfr sa tSean-Lochlannais, a chiallaíonn 'oileán beag suite in aice le ceann níos mó'.