An Cheapach Mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Cheapach Mhór
Cappamore (en)
An Cheapach Mhór (ga) Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 52°36′52″N 8°20′22″W / 52.61449°N 8.339481°W / 52.61449; -8.339481
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Luimnigh Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán669 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie31347

Baile beag in Éirinn is ea An Cheapach Mhór[1] (Cappamore as Béarla). Tá an baile suite in iarthar na tíre i gContae Luimnigh agus 20 nóiméad ó gCathair Luimnigh. Is paróiste in Ard-Deoise Chaisil agus Imligh í freisin.

Suíomh agus áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an baile suite ar an mbóthar réigiúnach R505 in aice leis na Sléibhte Eibhlinne agus tá sé timpeall 23 km ó gcathair Luimnigh. Tá feirmeoireacht tábhachtach do geilleagar na háite, go háirithe an tionscal déiríochta. Tá roinnt tithe tábhairne agus siopaí grósaeireachta ag an baile freisin. Is iad na seirbhísí eile le fáil ná neachtlainnín, siopa geallghlacadóra agus clinic tréidliachta.

Eagraítear Taispeántas Talmhaíochta sa Cheapach Mhór gach samhradh a mheallann a lán turasóirí don bhaile.

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá trí scoil náisiúnta sa pharóiste: Scoil Náisiúnta Béal Átha Bó, Scoil Náisiúnta Toinn an Tairbh, agus Scoil Chaitríona. Tá meánscoil amháin ann freisin, Pobailscoil Mhicíl.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireann An Gorta Mór isteach go mór ar an gceantair. Chaill an paróiste leath a dhaonra.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is as Drom Saileach sa Cheapach Mhór é John Hayes, iarimreoir rugbaí. Bhuaigh sé Corn na hEorpa le foireann na Mumhan sna blianta 2006 agus 2008 agus Comórtas na Sé Náisiún le foireann na hÉireann sa bhliain 2009.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]