Carghas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Carghas)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCarghas
Íomhá
Cineálséasúr liotúirgeach Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama40 d Cuir in eagar ar Wikidata
pre-Lent (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Le cuid


Cros mhórshiúil na Carghas

Tréimhse liotúrgach troscadh agus tréanais is ea an Carghas sna heaglaisí Críostaí. Maireann sé ó Céadaoin an Luaithrigh go dtí an Cháisc, agus tá a mbealaí féin ag na haicmí éagsúla creidimh chun na dátaí a ríomh. De réir an Nuathiomna chaith Íosa Críost daichead lá sa bhfásach agus an Diabhal ag cur cathú air, agus is i gcuimhne air seo a bhíonn lucht creidimh ar troscadh agus ar tréanas sa tréimhse seo, mar íobairt agus mar phionós sula ndéantar aiséirí Chríost a cheiliúradh Domhnach Cásca.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig an focal Carghas as an Laidin Quadragesima a bhríonn 'Daicheadú'. Is é an focal Fraincise den Carghas ná Carême.

Áiríonn na Eaglaisí sa traidisiún Biosántach (m.sh.Ceartchreidmheachas) na laethana Carghas go difriúil. Tá traidisiúin áitiúil difriúil freisin san Eaglais Ortadocsacht an Oirthir.

Troscadh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Carghas seal go traidisiúnta i mbun troscadh. Ba an traidisiún úsáideach toisc go raibh sé seal nuair ba riachtanach bia cé ata coinnithe den geimhreadh a bheith ite roimh d'éirigh sé lofa. San am a chuaigh thart, níor ith a lán Caitlicigh feoil cé is moite den iasc ar na hAointe i rith Carghas. Inniu éiríonn a lán daoine as milseáin srl a ithe le linn an Charghais.