An Brú

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Paróiste agus baile is ea an Brú. Is mó a thugann Gaeilgeoirí na háite Brú na nDéise mar ainm orthu araon. Bruff atá ag lucht an Bhéarla ar an áit.

Tá an baile suite in oirthear Contae Luimnigh, i gceartlár Chlár Geal Mumhan, cúig mhíle déag laisteas de chathair Luimnigh, cúig mhíle lastuaidh de Chill Mocheallóg, cúig mhíle laistiar d'Ospidéal Ghleann Áine agus ocht míle lastoir de Chromadh an tSubhachais. Tá talamh an pharóiste an-mhéith agus cothrom ach amháin maolchnoc a bheith ábhairín soir ón mbaile ar a dtugtar Cnoc an Bhrogha, agus na cnoic atá thart timpeall ar Loch Gair - Cnoc na Gráinsí agus Cnoc Finéil ar bhruach thuaidh Loch Gair, Cnoc Rua ar an mbruach thoir agus Cnoc an Dúin ar an mbruach theas.

Loch cáiliúil sa stair agus sa bhéaloideas é Loch Gair atá sa chuid thuaidh den pharóiste. Baineann diamhracht éigin leis an loch inniu féin agus tá sé ráite go ngabhann Gearóid Iarla, seantaoiseach na nGearaltach sa cheathrú haois déag mórthimpeall an locha ar a chapall go tráthrialta. Deir daoine eile go bhfuil sé féin agus a chuid gaiscíoch ina suan istigh i bpluais ar shleasa Chnoc an Dúin le hais an locha ag fanacht leis an ngairm a dhúiseoidh as a gcodladh iad chun cogadh a chur ar an Sasanach agus é a ruagairt as Éirinn thar farraige abhaile.

Bhíodh caisleán ar imeall an bhaile ag na Léisigh anuas go dtí lár an seachtú haois déag. Chaill siadsan a raibh acu i gcogaí in aghaidh na Sasanach. Níl aon rian dá gcaisleán anois ann. Tá Caisleán Bhaile Uí Dhroighneáin ina fhothrach maorga míle soir ó dheas ón mbaile.

Tá abhainn na Camhaoireach ag rith feadh imeall theas an bhaile. Ar an mbruach theas den abhainn, tá seanlios ar a dtugtar an Binnlisín, nó Binnlisín Aerach an Bhrogha, mar a thug file na háite, Brian Ó Flaitheartaigh, air ina amhrán den teideal céanna. Fonn Ar Éirinn Ní 'Neosainn Cé hÍ atá ag an amhrán agus d'fhéadfaí é a áireamh mar shainamhrán lucht na Gaeilge san áit i gcónaí. Sular deineadh taoscadh ar leaba na habhann, bhíodh leac ar a dtugtaí Leac Phádraig tamaillín isteach san abhainn díreach síos ón mBinnlisín. Is baolach gur cartadh an leac i mball éigin le linn na hoibre sin. Deirtí gur ar an leac sin a bhaist Pádraig Naofa, agus é ar a chamchuairt sa dúiche, taoiseach na háite agus a mhuintir.

Trí séipéil Chaitliceacha atá sa pharóiste - ceann ar an mbaile féin, ceann sa Ghráinsigh agus an tríú ceann i Méanas. Tá seanchaí deireanach na háite, Tomás Ó hAnnáin, ag fanacht leis an aiséirí in éineacht le hiománaithe agus uaisle eile an Bhrogha i reilig an bhaile. Dhá theampall Eaglais na hÉireann a bhíodh sa pharóiste fadó mar a ritheann, ceann i mbun an bhaile atá dúnta le blianta anuas, agus ceann eile i mbaile fearainn na Carraige, míle siar ó chrosaire Bhaile na gCailleach, nach bhfuil rian de fágtha anois.