An Blascaod Mór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Radharc ar an mBlascaod mór ón mórthír

Is é An Blascaod Mór an t-oileán is mó i measc na mBlascaodaí. Tá sé suite thart ar dhá mhíle amach ó chósta Chorca Dhuibhne i gContae Chiarraí.

Stair[athraigh | edit source]

Bhí daoine ina gcónaí ar an oileán ar feadh trí chéad bliain ar a laghad go dtí 1953 tráth a d'fhógair Rialtas na hÉireann nach bhféadfadh siad urrús a thabhairt maidir le sábháilteacht na n-oileánach. Bhi daonra seasmhach ann de thimpeall is 160 duine ó 1841 go 1911. A bpríomhshlí maireachtála ná meascán d'iascaireacht is d'fheirmeoireacht. Mar a tharla in oileáin eile, áfach, nuair a theip ar an iascaireacht, chuaigh go leor daoine ar imirce, go mór mhór go Meiriceá. Sna blianta deiridh, ní raibh aon seirbhísí ar an mBlascaod Mór seachas oifig poist agus scoil. Mar sin, bhíodar ag brath ar an mórthír. An t-aon modh taistil a bhí acu ná an naomhóg, agus tá roinnt de na báid seo le feiscint fós ag Cé Dhún Chaoin. Beartaíodh an t-oileán a thréigint sa bhliain 1953 agus gan ach 22 duine fágtha ar an oileán. Anois ní bhíonn daoine ann ach amháin le linn an tsamhraidh, nuair a thagann cuairteoirí chun an cheantair chun a stair agus a chultúr a bhlaiseadh.

Sna seachtóidí, cheannaigh Meiriceánach saibhir, Taylor Collings, dhá thrian de ghabhaltáis an Bhlascaoid Mhóir. Dhíol sé do chomhlacht Éíreannach, An Blascaod Mór Teoranta, iad.

Sa bhliain 2009, d’fhógair an tAire Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil, John Gormley, agus an Dr Máirtín Mhainséaraigh, Aire Stáit le freagracht d'Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) go raibh an chríoch mhullaigh curtha ar cheannach an tsealúchais talún is mó ar an oileán.

Bhí an rialtas i mbun comhchainteanna le Blascaod Mór Teoranta, le tamall de bhlianta anuas ionas go dtiocfadh stráice substaintiúil den Bhlascaod Mór faoi úinéireacht phoiblí agus é ar intinn ag an rialtas Páirc Náisiúnta Stairiúil a bhunú san áit.

"Céim mhór chun cinn an méid seo san aidhm dhaingean atá againn caomhnú a dhéanamh ar ghné thábhachtach d'ár n-oidhreacht náisiúnta ó thaobh cultúir, staire agus teanga”

a dúirt Gormley.

“Rinne an Rialtas cinneadh i 2005 gur cheart don Stát mórchuid na ngabháltas ar An Blascaod Mór a cheannach. Tá an sprioc sin bainte amach anois.”
“Creidim gur dul chun cinn tábhachtach atá sa cheannach seo i dtreo chaomhnú agus bhainistíocht an Oileáin de réir Phlean Bainistíochta comhaontaithe a cuirfear i bhfeidhm de réir a chéile” dar leis an tAire Gormley. “Is taisce suaithinseach é An Blascaod Mór de shaol, de thraidisiúin agus de chultúr shaibhir phobail in Iarthar Éireann arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais go háirithe le linn an tréimhse ón 19ú aois agus sa chuid luath den fichiú haois. Tá cosaint an Stáit tuillte ag an Oileán de bharr a thábhacht náisiúnta agus idirnáisiúnta.”

Chuir a roinn maoiniú de dhá mhilliún euro ar fáil chun ceannach na talún a chur i gcrích.

Dúirt Máirtín Mhainséaraigh:

“Is breá liom go bhfuil an talamh seo ar an mBlascaod glactha againn chugainn féin mar is cuid an-speisialta é anois den raon leathan sealúchas ata á mbainistiú ag Oifig na nOibreacha Poiblí."

Saibhreas Cultúrtha[athraigh | edit source]

Tá cáil ar na Blascaodaí mar gheall ar an saibhreas cultúrtha a bhí ag baint le muintir na n-oileán. Tháinig dream acadúil ar cuairt go rialta chuig an oileán idir deireadh an 19ú aois agus tús an 20ú aois ag déanamh staidéir theangeolaíocha agus antraipeolaíochta ar na hoileánaigh. Bhí baint mhór ag an obair seo leis na saothair litríochta a scríobh roinnt de mhuintir na n-oileán. I measc na saothar seo bhí, An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain, Peig le Peig Sayers agus Fiche Bliain ag Fás le Muiris Ó Súilleabháin.

An Blascaod Mór sa lá atá inniu ann[athraigh | edit source]

I rith an tsamhraidh, is féidir bád a fháil isteach go dtí an oileán ó Dhún Chaoin nuair a bhíonn an fharraige sách ciúin. Tá an ché ag Faill Mór, áit as a n-iompraíonn báid farantóireachta paisinéirí go dtí na Blascaodaí idir mí Aibreáin agus mí Dheireadh Fómhair gach bliain. Nasc tábhachtach leis na Blascaodaí is ea Dún Chaoin. Is fothracha iad tithe Uí Chriomhthain agus Uí Shúilleabháin ach rinneadh athshlánú ar theach Pheig Sayers agus bhí sé ag in úsáid mar chuid de bhrú a bhí ar an oileán go dtí le gairid.

Áilleacht[athraigh | edit source]

Pádraig Ua Maoileoin:

"Féachaimís uainn siar agus ó thuaidh. Tá an Tiaracht faoi raon ár súl, Inis Mhic Úibhlean ar ár gclé agus Inis Tuaisceart ar ár ndeis. Níor caitheadh a oiread scannán riamh le haon radharc ná mar atá caite le seo; cuireann sé draíocht ar dhaoine."

Muiris Ó Súilleabháin

"Bhí an Blascaod sínte siar díreach ar dhroim na mara, agus ba chosúil le long mhór í a bheadh ag réabadh na farraige ar gach taobh di, agus na Blascaodaí beaga ina thimpeall ar nós cráin mhuice go mbeadh a hál ina dhiaidh."

Tomás Ó Criomhthain

"Níor gá dhuit corraí as láthair do bhonn ón mullóg chun lán do scamhóg den ghaoth chumhra a ghlacadh, pé aird a mbeadh sí ag teacht. Bhíodh iontas orm cad fáth a mbíodh lucht na gcathrach ag sroichint a leithéid d'áit, ach níor ghá dom aon iontas a dhéanamh de."
"Leagas mo shúil sa timpeall ar muir agus ar talamh. Ní fheadar an raibh sé i gcumas aon tsúile eile corpartha faoin ngréin a oiread suaitheantais a fheiscint as aon lantán amháin is mar chonaic mo shúilese san am seo, agus gach iontas acu á chur in iúl dom gurbh é an Máistir Beannaithe a riaraigh iad...."

Ionad an Bhlascaoid Mhóir[athraigh | edit source]

Tháinig Ionad an Bhlascaoid Mhóir ar an bhfód sa bhliain 1993. Tógadh an foirgneamh ar an míntír i nDún Chaoin mar thoradh ar chomhoibriú idir Fondúireacht an Bhlascaoid, eagras áitiúil, agus rialtas na hÉireann. Riarann Rannóg na Séirbhisí Oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) an tIonad anois. Bíonn sé ar oscailt ón gCáisc go dtí Deireadh Fómhair. Tagann timpeall 50,000 cuairteoirí go dtí an tIonad, rud a chuireann go mór le saol socheacnamaíoch an cheantair. San ionad, déantar iarracht saol an oileáin a chur i láthair agus léargas a thabhairt do na cuairteoirí ar na cúinsí sóisialta a ba bhun leis na saothair a scríobh na hoileánaigh as Gaelainn. Tá mionsamhlacha, grafaicí, gnéithe closamhairc agus foireann de threoraithe ar fáil san ionad.

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Tagairtí[athraigh | edit source]