An Bhoth

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhoth

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 54°16′40″N 7°04′03″W / 54.277742°N 7.067397°W / 54.277742; -7.067397
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Mhuineacháin Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán250 (2006) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde72 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie40963

Is sráidbhaile é An Bhoth (go hoifigiúil, Baile an Scotaigh[1]; Béarla: Scotstown) atá suite i dtuaisceart Chontae Mhuineacháin.[2] Tá An Bhoth lonnaithe sa pharóiste Tigh Damhnata, in aice leis An Abhainn Mhór, agus is é an Bhoth an sráidbhaile is cóngaraí don abhainn. Ar na bailte atá suite in aice leis An Bhoth tá Baile Muineachán, Cluain Eois agus Ros Liath. Tagann an t-ainm, An Bhoth, ón bhaile fearainn An Bhothach, an áit ina bhfuil an sráidbhaile suite. Seasann An Bhothach do bhothán. Ach de réir cúpla teoiricí, tagann an ainm béarla do An Bhoth ó stair an cheantair seo. Ceaptar go raibh a lán Albainise suite sa cheantar seo le linn an plandáil Uladh. Bíonn An Bhoth aitheanta mar Bhaile an Scotaigh freisin dá réir An tSuirbhéireacht.[3] Is é “An Bhoth” an príomhfhoirm den cheantar agus baineann an bhunscoil áitiúla agus Cumann Lúthchleas Gael áitiúla as.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le linn an ochtú agus naoú haois déag, bhí aontaí ar siúl ar an seachtú lá de gach mí. Bhí eallach, muca agus caora ar dhíol ag na margaí seo. Chomh maith le sin, bhí stocaí, éadach garbh, earraí crua, sceanra agus scuaba ar dhíol ann. Bhí na haontaí seo suite ar faiche an bhaile atá fós oscailte sa lá atá inniu ann. Bhí An Bhoth úsáidte mar iosta do charraigeacha a raibh ag teacht ó shléibhte Sliabh Beatha.

Bhí na crannóga iontach coitianta i gContae Mhuineacháin.[4] De ghnáth bhí siad tógtha ar lochanna beaga nó ar phortach.Tá ceann de na crannóga is cáiliúla lonnaithe ar loch Hollywood atá suite sa Bhoth. Bhí an chrannóg seo mar ceanncheathrú do Patrick Mac Art Moyle MacMahon. Bhí aithne ar mar cheann de na seachtar mac de Art Maol. Bhí sé mar cheann amháin de na hiomaitheoirí don cheannas ar Mhuineacháin i 1590 agus bhí go leor iomaíocht idir eisean agus Hugh O’Neill.

Bhí go leor fadhbanna reiligiúnach leis an Deoise Chlochair agus dá bharr seo bhí coiste beaga bunaithe de cheathrar ceannaire chun na fadhbanna seo a réiteach. Ba é James Murphy as an Bhoth, duine de na ceannairí sin. Ar dtús, oirníodh ina shagart é agus ina dhiaidh sin bhí sé socraithe mar Easpag Caitliceach Rómhánach de Chlochair i 1801. Chomh maith leis sin, thóg an tEaspag Murphy scoil do mhuintir na Botha.

Tá Cloch Chomóraidh don Ghorta Mór sa bhaile fearainn in aice láimhe, An Seisceann (Béarla : Sheskin). Tá an chloch suite ar bun an Cnoc Dubh. Tá an chloch ansin mar mharcóir don chéad áit a raibh dúchán prátaí le feiceáil i gContae Mhuineacháin. Le linn an Ghorta Mhóir, bhí daonra de 210 duine agus ag deireadh an Ghorta thit sin go dtí 151 duine.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níl ach bunscoil amháin sa Bhoth. Is é Iorball Sionnaigh (Béarla : Urbleshanny) ainm na Bunscoile seo.[5] Is éard is brí le Iorball Sionnaigh ná “eireaball an tsionnaigh”. Is scoil tuaithe measctha atá ann. De réir na dtuairiscí, is é Iorball Sionnaigh an scoil is sine sa Deoise Chlochair a raibh bunaithe i 1791 ag Easpag Murphy. Cuireann an bhunscoil seo an-bhéim ar ár dteanga dúchais, an Ghaeilge. Faoi láthair tá thart ar trí chéad daltaí ag freastal ar an scoil.

Tá naíonra ar fáil sa Bhoth darbh ainm ‘Tots to Teens’. Tá sé lonnaithe in aice leis an bhunscoil, thuas staighre san ollionad spóirt. Tá naíolann, naíonra agus cumann iarscoile ar fáil ann.

Na Trioblóidí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Conradh na Talún (Béarla : The Land League) go Múineachán sa bhliain 1880. Bunaíodh John Dillon an chéad bhrainse den chonradh sa Bhoth. Phioc sé An Bhoth mar gheall go raibh An Bhoth mar cheantar ina raibh na Fíníní (Béarla : the Fenians) beoga. Bhí na Fíníní le feiceáil sa Bhoth sa bhliain 1878, nuair a d’fhreastail siad ar chruinniú sa cheantar ag iarraidh saoirse do na príosúnaigh Fínín agus deireadh a chur leis an bhóthar parlaiminte den Rialtas Dúchais (Béarla : Home Rule).

John Dillon

Bhí a lán baill gníomhach d’Óglaigh na hÉireann (Béarla: Irish Republican Army) ina chónaí sa Bhoth le linn na nóchaidí.[6] Duine de na baill sin ná Séamus McElwaine. Scaoileadh é, le linn na dTrioblóidí sa bhliain 1986 agus tá sé curtha sa Bhoth, ag Séipéal Iorball Sionnaigh.[7] Tháinig timpeall trí mhíle duine chuig an tseirbhís.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá nasc láidir ag an sráidbhaile leis an Chumann Lúthchleas Gael (CLG). CLG An Bhoth (Béarla : Scotstown GAA)  an t-ainm atá ar an chlub. Páirc Mhuire is ainm don pháirc imeartha agus tá sé suite oirthuaisceart den sráidbhaile. Tá a lán acmhainní ar fáil ag an pháirc pheile cosúil le hollionad spóirt agus seomraí feistis comhaimseartha. Tá a bpáirc thraenála lonnaithe thoir i gCill Mhór, atá suite idir na sráidbhailte An Bhoth agus Béal Átha an Fhóid. Tá foireann ann d’fhir agus mná sa chlub seo. Chomh maith le sin, tá na foirne le raon aoise difriúil, ag tosú ag faoi sheisir agus ag críochnú ag leibhéal sinsearach. Tagann an sean-ardstiúrthóir don Chumann Lúthchleas Gael, Páraic Duffy, ó An Bhoth freisin.[8]

Is club iontach rathúil é An Bhoth i gcomhthéacs peil Ghaelach i Muineachán. Rinne an club a chéad fhionnachtain ag leibhéal sinsearach, nuair a bhuaigh siad a chéad Chraobh Sinsir Peile na gClub i Muineachán sa bhliain 1960. Agus i ndiaidh sin, tá an Chraobh Sinsir Peile na gClub i Muineachán buaite acu naoi n-uaire déag anois agus is é 2018 an bhliain is déanaí a bhuaigh siad an chraobh. Ach an tréimhse is rathúla don chlub ná nuair a bhuaigh siad an Chraobh Sinsir Peile Ulaidh na gClub faoi thrí ó 1978 go dtí 1980.[9] Bhuaigh siad é arís don uair dheireanach sa bhliain 1989. Imríonn ceathrar imreoir le foireann an Chontae Mhuineacháin[10]; Rory Beggan, Darren Hughes, Kieran Hughes agus Shane Carey.

Coill an Locha Foireann Peile (Béarla : Killylough FC) an t-ainm atá ar an fhoireann sacar. Tá cónasctha idir na sraidbháilte, An Bhoth, Béal Átha an Fhóid agus Tigh Damhnata san fhoireann sacar seo. Tá páirc pheile s’acu lonnaithe i dTullygoney i dTigh Damhnata. Bunaíodh sé sna nóchaidí agus d'imir siad i gconradh Mhuinéacháin agus an Chabháin.[11]

Fáilte go dtí An Bhoth


Áiseanna le Spéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Páirc Fhoraoise Hollywood an t-ainm atá ar an ionad fóillíochta atá lonnaithe taobh amuigh den Bhoth.[12] Tá sé suite in aice le loch agus tá go leor gníomhaíochtaí le déanamh ann cosúil le siúlóidí dúlra, dul ag snámh, clós spraoi agus iascaireacht. Tá liús, bran agus róiste ar fáil sa loch.

Tá Scoil Railí na hÉireann suite sa Bhoth agus is é an t-ionad is fearr do raonrásaíocht carranna in Éirinn.[13] Tá go leor áiseanna ann cosúil le hionad oiliúna, flít iontach agus raon tarmac atá níos mó ná gciliméadar amháin.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Baile an Scotaigh/Scotstown | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Muineachán/Monaghan" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  3. "Baile an Scotaigh/Scotstown" (ga). Logainm.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  4. "Crannógs in north Monaghan". www.mcmahonsofmonaghan.org. Dáta rochtana: 2019-12-03.
  5. "Urbleshanny NS". urbleshannyns.com. Dáta rochtana: 2019-12-03.
  6. Urban, Mark (1993). "Big boys' rules : the secret struggle against the IRA". Faber and Faber. OCLC 473529628. 
  7. "1993 Human Rights Report: UNITED KINGDOM OF GREAT BRITAIN AND NORTHERN IRELAND". web.archive.org (2011-07-17). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-07-17. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  8. "Duffy announced as GAA's new director general". Breaking News (2007-11-21). Dáta rochtana: 2019-12-03.
  9. "about" (en). www.scotstowngaa.ie. Dáta rochtana: 2019-12-02.[nasc briste go buan]
  10. "CLG Mhuineacháin | The Official Monaghan GAA Website" (en). CLG Mhuineacháin. Dáta rochtana: 2019-12-03.
  11. "Killylough F.C." (en-US). tydavnet.com. Dáta rochtana: 2019-12-02.
  12. "Hollywood Forest Park".
  13. admin. "On-Site Facilities" (en-US). Rally School Ireland. Dáta rochtana: 2019-12-03.