An Bhlarna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó An Bhlárna)
Bosca Geografaíocht PholaitiúilAn Bhlarna

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 51°55′59″N 8°34′05″W / 51.933067°N 8.567952°W / 51.933067; -8.567952
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Mumhan
Contae in ÉirinnContae Chorcaí Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla1.85 km² Cuir in eagar ar Wikidata
Airde55 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1416561

Is bailecheantar é An Bhlarna[1] de limistéar riaracháin chathair Chorcaí ó mhéadaíodh teorainn na cathrach i samhradh 2019. Tá An Bhlarna seacht gciliméadar go leith siar ó thuaidh ó lár na cathrach, agus tá cáil uirthi mar shuíomh Chaisleán na Blarnan ina bhfuil cloch chlúiteach ar a dtugtar Cloch na Blarnan.

Eacnamaíocht agus turasóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá turasóirí, Meiriceánaigh ach go háirithe, an-tábhachtach in eacnamaíocht an cheantair. Is iomaí óstán agus brú dóibh atá suite sa cheantar. Tá clú agus cáil ar Chaisleán na Blarnan agus a Chloch na Blarnan, agus ar shiopalann Muilte Olla na Blarnan ('Blarney Woollen Mills'). Deirtear go mbeidh bua na bladaireachta ag gach éinne a phógann an chloch cháiliúil.

Is díol spéise mór turasóireachta é baile na Blarnan i gCorcaigh. De ghnáth, tagann daoine chun an chaisleáin a fheiceáil, chun na cloiche iomráití a phógadh, agus chun siopadóireachta i Muilte Olla na Blarnan.

Cloch na Blarnan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Maítear go bhfaigheann aon duine a phógann Cloch na Blarnan bua na cainte de réir seanscéalta a raibh baint ag baill ríshleachta Mhic Chárthaigh agus ag úinéirí bunaidh Chaisleán na Blarnan leo.

Muilte Olla na Blarnan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Muilte Olla na Blarnan i 1823, agus thugtaí Muileann Mahony ar na muilte ar dtús. Muileann uisce a bhí ann, a thairgeadh bréidín (tweeds) agus éadaí olla (woollens) den chuid is mó. Tar éis dúnadh go luath sna 1970idí, rinne an fiontraí áitiúil, Christy Kelleher, na muilte a athchumadh mar shiopa bronntanas le freastal ar thurasóirí ag tabhairt cuairte ar an sráidbhaile.

An Chearnóg Bhaile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa Chearnóg, úsáidtear faiche an bhaile (100m x 100m) mar láthair scíthe, mar áis le teacht le chéile, agus mar láthair súgartha do pháistí.  I measc na dtithe timpeall na cearnóige tá seirbhísí poiblí, mar Leabharlann na Blarnan agus ionad sláinte, agus gnóthais tráchtála éagsúla. Faiche aonaigh a bhíodh sa chearnóg i dtosach.   

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhíodh a stáisiún iarnróid caol féin ag an mBlarna roimhe seo. Rinne Iarnród Éadrom Chorcaí agus Mhúscraí (CMLR) nasc idir stáisiún iarnróid na Blarnan agus an stáisiún i lár na cathrach. Osclaíodh stáisiun na Blarnan i 1887 ach dhún sé ar 29 Nollaig 1934. Ó 2016, tá togra ann roimh stáisiún nua a bhunú sa Bhlarna le freastal ar an iarnróid idir Bhaile Átha Cliath agus Corcaigh.

Freastalaíonn roinnt seirbhísí de chuid Bhus Éireann ar an mBlarna, lena n-áirítear an bus uimhir 215 gach leath uair an chloig ó Rinn Mhachan trí lár chathair Chorcaí, agus an uimhir 235 ó chathair Chorcaí chomh minic céanna.

Is é Aerfort Chorcaí an t-aerfort is gaire don Bhlarna.

Déimeagrafaic[cuir in eagar | athraigh foinse]

I ndaonáireamh 2016, bhí daonra de 2,539 i mbaile na Blarnan. Astu seo, b'iad Éirinnigh den chine geal 90% díobh, níos lú ná 1% díobh ón Lucht Siúil Éireannach, 7% le heitneacht geal eile, níos lú ná 1% ón chine gorm, 1% ó eithneacht na hÁise, le níos lú ná 1% ó eitneacht eile nó gan aon eitneacht luaite. I dtéarmaí reiligiúin de, bhí an Bhlarna luaite mar 85% Caitliceach, 5% le reiligiún eile, 9% gan reiligiún ar bith, agus le níos lú ná 1% nár luaigh a stádas ó thaobh reiligiún de.

Na meáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é The Muskerry News nuachtán áitiúil an cheantair agus foilsítear go míosúil é. Tá na stáisiúin raidió áitiúla seo le fáil sa cheantar: RedFM, C103, 96FM, agus Life FM.

Scoileanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Scoil an Chroí Ró-Naofa, scoil náisiúnta Chaitliceach do bhuachaillí. Cuireadh síneadh nua leis sa bhliain 1986. Tá tuairim is 150 dalta sa scoil anois.
  • Bunaíodh scoil eile do chailíní sa bhliain 1974, Scoil Íosagáin na gCailíní.
  • Bunaíodh meánscoil, Scoil Mhuire Gan Smál, sa bhliain 1952.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Blarney United FC
  • CLG na Blarnan

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. An Bhlarna/Blarney | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.