An Bósón Higgs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is an bósón Higgs (Higgs-bósónHiggs-caithnín uaireanta) ann ná bósón(caithnín) molta dúilí a thugann mais do chaithníní eile sa bundéanamh i bhFisic na gcaithníní. Ainmníodh as Peter Higgs é, a mhol, i measc daoine eile, an mheicníocht a thug le fios go mbeadh a leithéid de chaithnín ann sa bhliain 1964.[1][2][3] Bheadh an bósón Higgs agus an réimse Higgs mar an míniú is simplí ar tslí go bhfuil mais ag roinnt caithníní dúilí eile. Sa teoiric seo, tá réimse dofheicthe a leathann ar fud an spáis ar fad, is tá luach neamh-náid ag an réimse seo i ngach áit, fiú amháin sa staid is lú fuinnimh, agus faigheann roinnt áirithe caithníní dúilí eile mais nuair a idirghníomhaíonn siad leis.

Déantar an bósón Higgs, an floscadh féideartha is lú den réimse seo, a thuar ag an teoiric chéanna, agus de bharr go mbeadh seo inbhraite, táthar á lorg le fada mar chuid de Fhisic na gcaithníní. Ceann de phríomhchuspóirí an Imbhuailteora Mhóir Hadron ("LHC") ag CERN sa Ghinéiv, san Eilvéis—ceann de na hionstraimí eolaíochta is casta dár tógadh riamh—ná tástáil a dhéanamh arbh ann don bósón Higgs agus lena airí a thomhas, a ligfeadh do fhisceoirí bunchloch seo na teoirice comhaimseartha a dhearbhú.

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

  1. Higgs, Peter (1964). "Broken Symmetries and the Masses of Gauge Bosons". Physical Review Letters 13 (16): 508–509. doi:10.1103/PhysRevLett.13.508. 
  2. Englert, François (1964). "Broken Symmetry and the Mass of Gauge Vector Mesons". Physical Review Letters 13 (9): 321–23. doi:10.1103/PhysRevLett.13.321. 
  3. Guralnik, Gerald (1964). "Global Conservation Laws and Massless Particles". Physical Review Letters 13 (20): 585–587. doi:10.1103/PhysRevLett.13.585.