An Aracáin agus an Phatagóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Suíomh

Ba ríocht ghearrshaolach í Ríocht an Aracáin agus an Phatagóin (Fraincís: Royaume d'Araucanie et de Patagonie; in uaireabh tagairt dí mar An Nua-Fhrainc.) Bhunaigh an dlíodóir Francach darbh ainm Orelie-Antoine de Tounens mar stát neamhspách é, i lár na naoú gcead déag, i Meiriceá Theas. Ag an am sin, bhí na hIndigh dúchasacha, darbh ainm na Mapuche i mbun cogaíochta in aghaidh Rialtais na Sile agus na hArgaintíne, a bhí talamh saibhir na Mapuche uathu.

Stair[athraigh | edit source]

Orelie-Antoine I, Rí an Aracáin agus an Phatagóin.

Agus é i mbun cúirte ar an réigiúin in 1860, chuaigh na Mapuche i gcionn ar Orelie-Antoin. Bhailigh ceannairí uile na Mapuche agus thogh siad mar dá chuid é. Chuaigh Orelie-Antoin i mbun oibre ansin, agus chruthaigh sé rialtas agus bunreacht dá thír nua, a bhaist sé an Nua-Fhrainc uirthi.

Níor éirigh leis ina gaisce chun cáil idirnásiúnta a bhaint amach do na Mapuche, áfach. Chuir rialtais an Chile agus an Argintín in aghaidh. Chuir siad i bpríosún é, agus chaitheadh ón tír é níos mó ná uair amháin. Ní cuireadh píonós níos mó air áfach, mar gur cheap na húdaráis sa Chile agus san Argintín go raibh tinneas intinne air. Cailleadh Rí Orelie Antione I sa bhFrainc, agus gan pingin rua aige, in 1878 tar éis dó blianta fada a chaiteamh ag lorg aitheantas dá thír, a bhí gabhta ag an tSile agus an Argintín.