An Óige

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
An Óige
Saghas Comhlachta Ógeagraíocht (neamh-bhrabúsach)
Bunaithe 1 Bealtaine, 1931
Suíomh 61 Sráid Mhuinseo, BÁC 7
Tír(Tíortha) {{{tír}}}
Daoine Lárnacha David Owens (bainisteoir ginearálta)
Méid fostaithe /
Tionscail Brúdóireacht
Láithreán Gréasáin AnOige.ie

Is í An Óige, nó Cumann Brúnna Óige na hÉireann (Béarla: Irish Youth Hostels Association) balleagraíocht náisiúnta Chumann Idirnáisiúnta Brúnna Óige i bPoblacht na hÉireann. Tá ceanncheathrú na hÓige suite i mBaile Átha Cliath, 61 Sráid Mhuinseo, agus brú óige de chuid an chumainn suite san fhoirgneamh chéanna. I dtús na bliana 2009, bhí an Óige ag reachtáil 26 bhrú óige ar fud na hÉireann, cuid acu ag freastal ar na custaiméirí ar fud na bliana, an chuid eile teoranta do shéasúr turasóireachta an tsamhraidh. Na haíochtlanna a bhíonn oscailte ar fud na bliana, tá siad suite i gcathracha móra na hÉireann, ach thairis sin, tá brúnna den chineál seo ag obair san Fhosadh i gCiarraí, in aice le Conga, i gceantar Ghaoth Dobhair agus i nGleann Dá Loch.

Ceanncheathrú na hÓige, BÁC 7

Tá obair na mbrúnna bunaithe ar bhallraíocht na lóistéirí san Óige nó i gcraobh náisiúnta éigin eile de chuid an Chumainn Idirnáisiúnta. An duine a thagann ag lorg lóistín i gceann de na brúnna gan a bheith ina bhall, ní chuirtear ó dhoras é, ach beidh an lóistín níos daoire air. Tá an Óige ag comhoibriú le Hostelling International NI ("Brúdóireacht Idirnáisiúnta Thuaisceart Éireann"), ach níl baint dá laghad aici leis na Backpacker Hostels (brúnna na dturasóirí mála droma) ar fud na hÉireann.