Anáileadán
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Is éard is anáileadán ann ná gléas a úsáidtear leis an alcól i bhfuil an duine a thomhas trí anailís a dhéanamh ar an aer a análaíonn sé amach. Tá an téarma Gaeilge bunaithe ar an bhfocal Béarla úd breathalyzer, agus é comhdhéanta as breath, anáil, agus analyzer, gléas anailíse. Trádmharc de chuid an chomhlachta úd Smith & Wesson a bhí ann ar dtús, ach de réir a chéile, chuaigh sé i ngnáthúsáid sa Bhéarla mar théarma ginearálta ar ghléasra den chineál seo.
Gléas leictriceimiceach é an t-anáileadán go bunúsach. Is éard a tharlaíonn istigh ansin ná go n-ocsaídítear an t-alcól san aer go haigéad aicéiteach. Ansin, tomhaistear an sruth beag leictreach is toradh don imoibriú seo.
| Tá a thuilleadh meán ag Cómhaoin Wikimedia
a bhaineann leis an ábhar seo: Anáileadán |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.