Amscála geolaíoch

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Soláthraíonn an t-amscála geolaíoch córas le haghaidh tomhais chroineolaíocha ina gcuirtear stratagrafaíocht i gcomparáid le tréimhse ama a bhíonn in úsáid ag geolaithe, pailé-ointeolaithe agus domhaneolaithe eile chun cur síos a dhéanamh ar an t-uainiúchán agus an caidreamh idir imeachtaí a tharla le linn stair an Domhain.

Go dtí tús an 19ú céad chreid beagnach gach éinne nach raibh an Domhan ach na mílte bliain d'aois agus a chruth — na sléibhte, na farraigí, na haibhneacha, na hoileáin, na hilchríocha — gan athrú ó thús ama. Ansin d'fhoilsigh an geolaí Albanach Charles Lyell a leabhar Principles of Geology (Prionsabail na Geolaíochta, 1830) inar chuir sé síos ar a choincheap go raibh an Domhan á athrú an t-am ar fad. De réir a chéile glacadh leis an dearcadh seo go forleathan, agus thar na blianta rinne geolaithe staidéar ar na sraitheanna éagsúla carraigeacha is na hiontaisí de neacha beo a bhí stalctha iontu. Ón srathú geolaíoch agus le cabhair dátaithe gheolaíoch, tá na geolaithe tar éis aois iomlán an Domhain, 4,600 milliún bliain, a roinnt ina 4 ré: an ré Réamh-Chaimbriach a lean ar feadh 4,000 milliún bliain, an ré Phailéasóch timpeall 590-250 milliún bliain ó shin, an ré Mhéiseasóch timpeall 250-65 milliún bliain ó shin, agus an ré Chaenasóch ó 65 milliún bliain ó shin go dtí an lá inniu. Fo-roinntear an 3 ré dheireanach seo ina dtréimhsí áirithe freisin. Go ginearálta faightear fianaise an-lag den bheatha, aoncheallach den chuid is mó, sa ré Réamh-Chaimbriach. Sa ré Phailéasóch thosaigh orgánaigh ilcheallacha is éisc ag teacht chun cinn, agus roinntear an ré seo mar seo: an tréimhse Chaimbriach (590-500 milliún bliain ó shin), an tréimhse Ordaivíseach (500-435 milliún bliain ó shin), an tréimhse Shiliúrach (435-408 milliún bliain ó shin), an tréimhse Dheavónach (408-360 milliún bliain ó shin), an tréimhse Charbónmhar (360-280 milliún bliain ó shin), agus an tréimhse Pheirmeach (280-250 milliun bliain ó shin). Ré na ndineasár a bhí sa ré Mhéiseasóch, agus na péisteanna ceannasach ar fud an Domhain. Sa tréimhse Thriasach, 250-195 milliún bliain ó shin, tháinig na dineasáir i réim agus thosaigh Pangaea ag titim as a chéile. Ansin bhí an tréimhse Iúrasach, 195-140 milliún bliain ó shin. Sa tréimhse Chailceach, 140-65 milliún bliain ó shin, fuair na dineasáir uile bás. Le teacht na ré Caenasóiche tháinig na mamaigh i réim ar Domhan. Tugtar an tréimhse Threasach ar an idirlinn, 65-2 mhilliún bliain ó shin, agus an tréimhse Cheathartha ar an tréimhse ó shin i leith.

Amscála geolaíoch[athraigh | edit source]

Aeón Tréimhse Sealadh Aois Am ó shin (Ma)
Fanarasóch Caenasóch Ceathartha Holaicéineach 0-0,0117
Pléisticéineach Tarantien 0,0117–0,126
Iónach 0,126–0,781
Calábrach 0,781–1,806
Gelasian 1,806–2,588
Neoigineach Pléicéineach Piaicéansach 2,588-3,60
Zancileanach 3,60-5,332
Méicéineach Messineach 5,332-7,246
Tortónach 7,246-11,608
Serravallach 11,608-13,65
Langhach 13,65-15,97
Burdigalach 15,97-20,43
Acatánach 20,43-23,03
Pailéogéineach Olagaicéineach Seatach 23,03-28,4
Rúpalach 28,4-33,9
Eoicéineach Priabónach 33,9-37,2
Bartanach 37,2-40,4
Lúitéiteach 40,4-48,6
Ípriseach 48,6-55,8
Pailéicéineach Tanatach 55,8-58,7
Selandach 58,7-61,7
Danaiach 61,7-65,5
Méiseasóch Cailceach Uachtarach Máistríteach 65,5-70,6
Campánach 70,6-83,5
Santónach 83,5-85,8
Cóiniacach 85,8-89,3
Turónach 89,3-93,5
Ceineamánach 93,5-99,6
Íochtarach Albach 99,6-112,0
Aipteach 112,0-125,0
Bairéimeach 125,0-130,0
Ótraíveach 130,0-136,4
Valangaineach 136,4-140,2
Beiriasach 140,2-145,5
Iúrasach Uachtarach Tiotónach 145,5-150,8
Cimiritseach 150,8-155,0
Ocsfordach 155,0-161,2
Meánach Calaitheach 161,2-164,7
Batanach 164,7-167,7
Baiseocach 167,7-171,6
Álanach 171,6-175,6
Íochtarach Tórcach 175,6-183,0
Plíonsbachach 183,0-189,6
Sineamúrach 189,6-196,5
Heatangach 196,5-199,6
Triasach Uachtarach Raetach 199,6-203,6
Nórach 203,6-216,5
Carnach 216,5-228,0
Meánach Ladanach 228,0-237,0
Ainisiach 237,0-245,0
Íochtarach Olanacach 245,0-249,7
Ionduach 249,7-251,0
Pailéasóch Peirmeach Lopingiach Changhsingiach 251,0-253,8
Wuchiapingiach 253,8-260,4
Guadalupien Capitaniach 260,4-265,8
Wordiach/Casanach 265,8-268,0
Ródach/Ufimíneach 268,0-270,6
Cisuraliach Cungúrach 270,6-275,6
Artainsceach 275,6-284,4
Sacmárach 284,4-294,6
Asseliach 294,6-299,0
Carbónmhar Pennsylvanien Gasaileach 299–303,9
Kasimovach 303,9–306,5
Moscóvach 306,5–311,7
Baiscireach 311,7–318,1
Mississippien Serpukhovach 318,1–326,4
Viséach 326,4–345,3
Túrnaeiseach 345,3–359,2
Deavónach Uachtarach Faiméanach 359,2 - 374,5
Frasnach 374,5-385,3
Meánach Givéatach 385,3-391,8
Eighfealach 391,8-397,5
Íochtarach Eimseach 397,5-407,0
Prágach 407,0-411,2
Lochkovach 411,2-416,0
Siolúrach Pridolach 416,0-418,7
Ludlowach Ludfordach 418,7-421,3
Gorstach 421,3-422,9
Wenleach Hóiméarach 422,9-426,2
Sheinwoodien 426,2-428,2
Llandovereach Telycheach 428,2-436,0
Aeronach 436,0-439,0
Rhuddanach 439,0-443,7
Ordaivíseach Uachtarach Hirnantach 443,7-445,8
Katach 445,8-455,8
Sandbach 455,8-460,9
Meánach Darriwiliach 460,9-468,1
Dapingeach 468,1-471,8
Íochtarach Floien 471,8-478,6
Tremadocien 478,6-488,3
Caimbriach Furongiach 10ú sealadh 488,3-?
9ú sealadh
Paibiach  ?-501,0
3ú sealadh Guzhangiach 501,0-?
Drumach
5ú sealadh  ?-513,0
2ú sealadh 4ú sealadh 513,0-?
3ú sealadh
Terreneuvach 2ú sealadh
Luath  ?-542,0
Eon Era Periode Tijd geleden (Ma)
Prótarasóch Neoprótarasóch Eidiacarac 542 - ~630
Cryogenium ~630 - 850
Tonium 850 - 1000
Mesoproterozoïcum Stenaium 1000 - 1200
Ectasium 1200 - 1400
Calymmium 1400 - 1600
Paleoproterozoïcum Statherium 1600 - 1800
Orosirium 1800 - 2050
Rhyacium 2050 - 2300
Siderium 2300 - 2500
Archeïcum Neoarcheïcum 2500 - 2800
Mesoarcheïcum 2800 - 3200
Paleoarcheïcum 3200 - 3600
Eoarcheïcum 3600 - 3800