Amharc mata

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amharc i bpictiúr reatha ina gcuirtear mata nó masc os comhair an cheamara chun fairsinge na híomhá nochtaithe a theorannú chun gur féidir an dara íomhá a chur léi níos déanaí. Féadfaidh cárta nó leathán miotail feidhmiú mar mhata, sin nó stiall scannáin le fairsingí teimhneacha is trédhearcacha le húsáid le linn an phriontála. Is féidir an rud céanna a dhéanamh leis na bogearraí cuí i bhfótagrafaíocht dhigiteach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amharc mata". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 36.