Amhaire

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Amhaire

Is saghas callaire é an t-amhaire atá oiriúnach chun fuaim ar mhinicíocht íseal nó dordfhuaim a chruthú. Trastomhas mór ag a chón, 25 cm nó níos mó. Cosúil le láimhseáil tribilfhuaime le trílire i gcóras ard-dílseachta, úsáidtear ciorcad trasach chun an chuid chuí de speictream an fhuaimchomhartha ghinearálta a sholáthar dó.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amhaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.