Amfaból

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Amfabóil)
Infotaula de mineralAmfaból

Aicmiú
CatagóirMianra
Airíonna
SiombailAmp

Is é is amfaból ann ná ball ar bith de ghrúpa mianraí sileacáite hiodrúla, atá an-choimpléascach ó thaobh ceimice de, ach a bhfuil sainchomhartha struchtúrtha déshlabhra teitrihéadrán SiO4 iontu, agus iarann, maignéisiam, cailciam, sóidiam is alúmanam i láthair i measc na slabhraí. Faightear go forleathan iad i gcarraigeacha doigheartha is meiteamorfacha. I measc na bhfoirmeacha coitianta tá cornbhleind, achtainilít is treimilít. Tá foirmeacha snáithíneacha ann freisin a rangaítear le grúpa mianraí aispeiste.[1]

Amfabóil den chineál treimilít

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Amfabóil". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 35.