Alois Alzheimer

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAlois Alzheimer

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith14 Meitheamh 1864
Marktbreit Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Nollaig 1915
51 bliana d'aois
Wrocław Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisFiabhras réamatach
Áit adhlacthaAn tSean-Reilig Ghiúdach Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Würzburg
Ollscoil Tübingen
Ollscoil Humboldt Bheirlín Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreSíciatracht agus néarapaiteolaíocht
Gairmsíciatraí, múinteoir ollscoile, néareolaí, eolaí néarchórais, néarapaiteolaí, dochtúir leighis Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Wrocław
Ollscoil Ludwig Maximilian, München Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaAn Ghearmáinis
Síniú

Find a Grave: 10688 Cuir in eagar ar Wikidata

Síciatraí, paiteolaí na hinchinne agus Gearmánach ab ea Alois Alzheimer (a rugadh ar 14 de mhí an Mheithimh 1864 agus a fuair bás 19 de mhí na Nollag 1915). Comhghleacaí agus dlúthchara le Emil Kraepelin ab ea é. Rinne sé an céad chur síos cruinn ar an galar intinne ar a thug Kraepelin Galar Alzheimer air.

1915

Taighde[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1901 is ea a chasadh othar den ainm Frau Auguste D. ar Alzheimer. Bhí caoga haon blianta slánaithe aici ach bhí a cuimhne do rudaí a tharla le déanaí loite. Rinne Alzheimer dianstaidéir is faire uirthi. Tar éis bás di sa bhliain 1906, rinne sé staidéar chruinn paiteolaíochta ar a hinchinn.

Rinne Alzheimer fionnachtain mhór nuair a nochtadh sé den chéad uair lorg áirithe an ghalair in a hinchinn.

Ar an tríú lá de mhí na Samhna sa bhliain 1906, thug Alzheimer an chéad chur síos cruinn ar an tinneas agus an paiteolaíocht bainteach leis i léacht. Níorbh fhada gur scaip a chlú agus gur thuig síciatraithe i gcoitinne foirfeacht a éacht.

Tübingen: Hier wohnte Alois Alzheimer in den Jahren 1886/1887 als Student.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Alzheimer a dhintiúr mar lia sa bhliain 1887 in ollscoil Würzburg. Ghlac sé post mar shíciatraí in Frankfurt am Main i dteach na ngealt (Die Städtische Anstalt für Irre und Epileptische). Bhuail sé le Franz Nissl agus is uaidh a d'fhoghlaim sé modhanna paiteolaíochta a úsáideach sé go torthúil is é ag déanamh staidéar ar inchinne a chuid othair.

Ceapadh Alzheimer mar Ollamh le síciatracht in Ollscoil Breslau sa bhliain 1912.

D'éag Alzheimer i mBreslau ar 19 Nollaig 1915; bhí fadhbanna aige lena chroí.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]