Alice Munro

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is scríbhneoir gearrscéalta Ceanadach í Alice Ann Munro. Leis an sloinne Laidlaw a rugadh í ar an 10ú lá Mí Iúil 1931. Bronnadh an Duais Idirnáisiunta Man Booker uirthi as iomlán shaothair a saoil, chomh maith le Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta i gCeanada faoi thrí. Luaitear í go minic don Duais Nobel sa Litríocht. Áirítear í go forleathan mar dhuine de na scríbhneoirí ficsin is tábhachtaí an lae atá inniu ann, cé nach mbíonn a hainm i mbéal na ndaoine chomh mór agus a bhíonn ainmneacha roinnt úrscéalaithe. Tá an fócas ina cuid gearrscéalta dírithe ar staid an duine daonna agus ar an gcaidreamh idir dhaoine sa saol laethúil. Ní hionann leis agus an clú idirnáisiunta atá uirthi, bíonn a cuid ficsin suite i gcuid sách teoranta den domhan, mar atá iardheisceart Chúige Ontario. Iniúchann sí an saol go grinn in a cuid scríbhneoireachta agus é sin ar bhealach soléite.

Rugadh Munro i dteaghlach a rinne feirmeoireacht sionnach agus éanlaithe i Wingham, Ontario. Ba iad Robert Eric Laidlaw agus Anne Clarke Laidlaw (née Chamney) a tuismitheoirí. Múinteoir scoile a bhí ina máthair. Chuaigh Alice Munro i gceann scríbhneoireachta agus ise fós ina déagóir. Foilsíodh an chéad scéal léi, “The Dimensions of a Shadow”, nuair a bhí sí ag déanamh léinn ag Ollscoil Western Ontario sa bhliain 1950. D’oibrigh sí insna blianta úd freisin mar fhreastalaí, mar chléireach leabharlainne, agus mar bhainteoir tobac. Sa bhliain 1951, d’éirigh sí as a cuid staidéar ag an ollscoil—Béarla an príomhábhar a bhí ansin aici—le fear darbh ainm James Munro a phósadh. Bhog siad go Vancouver, sa Cholóim Bhriotanach. Rugadh triúr iníonacha dóibh sna blianta 1953, 1955, agus 1957, Sheila, Catherine, agus Jenny faoi seach; fuair Catherine bás go gearr i ndiaidh a breithe. Sa bhliain 1963, bhog siad go Victoria, mar ar oscail siad siopa leabhar, Munro’s Books. Rugadh iníon eile dóibh, Andrea, sa bhliain 1966.

Fuair an chéad bhailiúchán gearrscéalta aici, Dance of the Happy Shades (1968), an-fháilte agus fuair an leabhar Gradam an Ghobharnóra Ghinearálta, an duais litríochta is airde i gCeanada.



Vicipéid
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.


Do chuid uirlisí
Ainmspásanna

Leaganacha Malartacha
Gníomhartha
Nascleanúint
Bosca uirlisí
I dteangacha eile