Algaí donna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Grúpa mórfheamainní muirí, den chuid is mó, le líocha fótaisintéiseacha sainiúla, clóraifill a, clóraifill c, béite-charaitéin is fúcaxaintin. An t-atáirgeadh gnéasach le speirm le dhá lascnaid tiomána, de ghnáth. Níos mó ná 1,500 speiceas ar eolas. Ón gcrios idirthaoideach is an crios fo-chladach, den chuid is mó. Foirmeacha colainne ó fhiliméadchruthach go lannchruthach.