Alexander Ulyanov
Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Réabhlóidí sóisialach Rúiseach ba ea Aleksandr Ilyich Ulyanov (Rúisis: Александр Ильич Ульянов) (1866 - 1887). Deartháir do Vlaidímír Léinín ba ea é.
Cuireadh chun báis é i Mí na Bealtaine 1887 le ceathrar eile a chuaigh i gconradh ceilge leis an Sár, Alastair III, a fheallmharú.
