Alex Hijmans

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alex Hijmans
Dáta breithe 1975
  Heemskerk, An Ísiltír
Náisiúntacht Dúitseach
Gairm Úrscéalaí, Iriseoir
Seánra Ficsean, Dráma, Iriseoireacht, Neamhfhicsean

Scríbhneoir agus craoltóir Gaeilge is ea Alex Hijmans, a rugadh agus a tógadh san Ísiltír.

Saol[athraigh | edit source]

Rugadh in Heemskerk na hÍsiltíre é sa bhliain 1975. D'aistrigh sé go Gaillimh sa bhliain 1995 chun Gaeilge a fhoghlaim mar chuid dá chéim sa Léann Ceiltigh in Ollscoil Utrecht. Tar éis dó an chéim a chríochnú, bhain sé an tArd-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus chuaigh le hiriseoireacht in Éirinn. D'oibrigh sé le Foinse, Raidió na Gaeltachta, RTÉ agus Nuacht TG4 ar feadh deich mbliana. D'aistrigh sé Maistín (Cló Iar-Chonnachta, 2001), úrscéal do dhéagóirí, ó Ollainnis go Gaeilge agus scríobh sé dráma, Aingilín, a léiríodh i mBaile Átha Cliath agus i nGaillimh sa bhliain 2002.

Ag deireadh na bliana 2007 chuaigh sé chun na Brasaíle agus chaith leathbhliain ina chónaí in favela, bruachbhaile fíorbhocht ar imeall Salvador, an 3ú chathair is mó sa tír. As an mbruachbhaile bocht seo fear céile Hijmans. Pósadh san Ísiltír iad in 2008. Tá siad lonnaithe sa Bhrasaíl ó shin.

Saothair[athraigh | edit source]

Drámaíocht[athraigh | edit source]

  • Aingilín

Aistriúchán[athraigh | edit source]

  • Maistin

Leabhair[athraigh | edit source]

Naisc sheachtracha[athraigh | edit source]