Alex Higgins

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Alex Higgins
Alex Higgins.jpg
Alex "Hurricane" Higgins, 1968.
Dáta breithe 18 Márta 1949
  Béal Feirste, Tuaisceart na hÉireann
Dáta báis 24 Iúil 2010
  Béal Feirste, Tuaisceart na hÉireann
Náisiúntacht Briotanach
Gairm Imreoir snúcair
Duaiseanna Craobh Snúcair an Domhain 1972, 1982

Imreoir snúcair ab ea é Alex Higgins, nó Hurricane Higgins mar a thugtar mar leasainm air, a bhuaigh Craobh Snúcair an Domhain faoi dhó, sna blianta 1972 agus 1982. Rugadh é leis an ainm Alexander Gordon Higgins ar an 18 Márta 1949 i Sandy Row, Béal Feirste, i dTuaisceart na hÉireann agus fuair sé bás abhaile ina arasán sa chathair chéanna ar an 24 Iúil 2010. Ailse scornaí ba thrúig bháis dó, .

Imreoir agus duine conspóideach ach an-tharraingteach a bhí ann, a thuill an leasainm "Hurricane" de bharr an luais aird agus é i mbun imeartha.