Albainis Uladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teanga Gearmáinice nó canúint de chuid na hAlbainise í Albainis Uladh (ainmneacha eile a chonacthas ar na meáin Ghaeilge le déanaí is ea iad an UItais agus an Ullainnis) a labhraítear go príomha i gceantair thuaithe in oirthuaisceart an Dúin, i gContae Aontroma, in oirthear Chontae Dhoire agus in oirthear Dhún na nGall.

Má ghlactar le hAlbainis Uladh mar theanga ar leith, is féidir a rá gur teanga Gearmáinice atá ann, cosúil leis an mBéarla, an Ollainnis, an Ghearmáinis agus na teangacha Lochlannacha. Mar sin, tá sí cosúil leo ar go leor bealaí.

Bhí an Albainis á labhairt i gcúirt Ríocht na hAlban ón 14ú haois go dtí an 18ú haois. Tháinig an teanga go hÉirinn in aimsir na bPlandálacha.

Is é an sainmhíniú dlíthiúil ar Albainis Uladh mar "an leagan de theanga na hAlban ar baineadh úsáid as go traidisiúnta i bpáirteanna de Thuaisceart Éireann agus Dhún na nGall.’

Aithníonn an Biúró Eorpach um Theangacha Neamhfhorleathana Albainis na hAlban agus Albainis Uladh araon mar theangacha mionlaigh.

Fuair an dá leagan den Albainis a lán focal ar iasacht ó Ghaeilge na hAlban, ach is léir nach teangacha Gaelacha iad.

[athraigh] Naisc sheachtracha

Do chuid uirlisí