Ailéin de Diúc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Alan Dukes)
Infotaula de personaAiléin de Diúc

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith20 Aibreán 1945
79 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara Theas

An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
3 Nollaig 1996 – 26 Meitheamh 1997
← Seán de BriotúnMáire Uí Ruairc →
Teachta Dála
14 Nollaig 1992 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

Teachta Dála
29 Meitheamh 1989 – 5 Samhain 1992 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 26ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

Teachta Dála
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 25ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

Ceannaire Fhine Gael
10 Márta 1987 – 20 Samhain 1990
← Gearóid Mac GearailtSeán de Briotún →
An tAire Dlí agus Cirt
14 Feabhra 1986 – 10 Márta 1987
← Micheál Ó NuanáinGerry Collins →
An tAire Airgeadais
14 Nollaig 1982 – 14 Feabhra 1986
← Réamann Mac SearraighSeán de Briotún →
Teachta Dála
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 24ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

Teachta Dála
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 23ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara
30 Meitheamh 1981 – 9 Márta 1982
← Réamann Mac SearraighBrian Pádraig Ó Luineacháin →
Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil

Toghcheantar: Cill Dara

Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir, eacnamaí, aisteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

Is polaiteoir Éireannach é Ailéin de Diúc (Béarla: Alan Dukes) a rugadh ar an 20 Aibreán 1945. Is iarcheannaire Fhine Gael é agus iar-Theachta Dála do Chill Dara agus do Chill Dara Theas.

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh de Diúc i nDroimneach. Ba é státseirbhíseach sinsear ó Chontae Chiarraí a athair. Rugadh a mháthair gar do Bhéal an Átha i gContae Mhaigh Eo.

Fuair sé a chuid scolaíochta ag Coláiste Mhuire (Scoil na mBráithre Críostaí) i gCearnóg Parnell. Tairgeadh roinnt scoláireachtaí dó agus é ag fágáil na scoile, scólaireacht Gaeilge ina measc. Lean a shuim sa Ghaeilge ar fad a shaol agus cloistear go rialta é ar chláir Gaeilge.

Roimh na polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair sé post mar eacnamaí le Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann (an 'IFA) sa bhliain 1969. Chuaigh Éire isteach sa Comhmhargadh sa bhliain 1973 agus bhog de Diúc go dtí An Bhruiséil mar chuid de thoscaireacht an IFA. Chaith sé tamall ag obair mar cheann foirne an Choimisinéara Eorpach ó Éirinn, Risteard de Búrca.

An Pholaitaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sheas de Diúc mar iarrthóir de Pháirtí Fhine Gael i ndáilcheantar na Mumhan sa bhliain 1979 ach níor éirigh leis. Bhí tacaíocht láidir aige ón lucht feirmeoireachta go dtí gur tháinig ceannaire na bhfeirmeoirí, T.J. Maher, isteach sa rás. Toghadh Maher.

Sheas sé ar son Fhine Gael in olltoghchán na bliana 1981 i ndáilcheantar Chill Dara. Toghadh é agus ceapadh é mar Aire Talmhaíochta ar a chéad lá sa Dáil. Ba é Gearóid Mac Gearailt an Taoiseach nua a thug an ceapachán dó.

Níor mhair an rialtas (comhrialtas idir Fhine Gael agus Pháirtí an Lucht Oibre) ach go dtí mí Feabhra 1982. Chaill an rialtas vóta buiséid sa Dáil tar éis cánach bhreisluacha a chur ar bhróga páistí.

Bhí olltoghchán eile níos déanaí sa bhliain 1982 agus bhunaigh Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre comhrialtas nua. Ceapadh de Diúc mar Aire Airgeadais.

Bhí saothar crua aige mar Aire Airgeadais. Bhí fiacha troma ar an stát agus bhí ráta ard dífhostaíochta agus ráta ard eisimirce. Bhí easaontas idir pháirtithe an rialtais ar an slí cheart chun dul i ngleic le fadhbanna na tíre. D'éirigh Páirtí an Lucht Oibre as an rialtas sa bhliain 1986 agus ceapadh de Diúc mar Aire Cirt.

Ceannaire Fhine Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill Fine Gael 20 suíochán in olltoghchán na bliana 1987 agus d'éirigh Gearóid MacGearailt as mar cheannaire. Toghadh de Diúc mar chomharba do MhacGearailt. Bhí Seán de Briotún agus Peadar de Barra san iomaíocht freisin.

Ba é Cathal Ó hEochaidh, ceannaire Fhianna Fáil, Taoiseach ag an am seo. I rith feachtais toghchánaíochta roimh an olltoghcháin, gheall Fianna Fáil go gcaithfidís siad níos mó airgid agus d'ionsaigh siad go géar na gearraithe siar a bhí ar bun ag Fine Gael. Ach, tar éis an olltoghcháin, d'athraigh siad a bport agus thosaigh siad leis a ngearraithe siar féin.

In óráid a thug sé i dTamhlacht ar an 2 Meán Fómhair 1987, d'fhógair de Diúc an Stráitéis Tamhlachta. Thacódh Fine Gael leis an rialtas dá mbeadh siad ag cur polasaithe Fhine Gael i gcrích. Ba rud nua i bpolaitíocht na tíre an polasaí seo.

Tugadh deis don rialtas dul i ngleic le fadhbanna bhuiséadacha na tíre. Ba é an straitéis ba chúis le rathú gheilleagar an stáit sna 1990í. Níor bhain de Diúc mórán tairbhe as, áfach. Ghair Ó hEochaidh olltoghchán sa bhliain 1989 agus ní bhfuair Fine Gael ach 5 shuíochán sa bhreis. D'fhan Ó hEochaidh mar Thaoiseach i gcomhrialtas leis an bPáirtí Daonlathach.

Toghchán Uachtaránachta 1990[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí míshástacht i bhFine Gael tar éis olltoghcháin 1989. Cheap roinnt Teachtaí Dála go raibh gá de cheannaire nua. Thug toradh an toghcháin uachtaránaigh sa bhliain 1990 deis dóibh. Chríochnaigh iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie, sa tríú áit, an toradh is measa riamh ag iarrthóir ón bpáirtí. Bhí ar de Diúc éirí as mar cheannaire go luath i ndiaidh an tubaiste agus tháinig Seán de Briotún i gcomharbacht air.

Rialtas an Bhogha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba cúlbhinseoir é de Diúc tar éis an chennaireacht a chaiiiúnt ach d'fhill sé go dtí an Bínse Tosaigh sa bhliain 1992. Rinneadh iarracht an cheannaireacht a bhaint de de Briotún sa bhliain 1994. Ghlac de Diúc páirt san iarracht agus bhí air filleadh go na cúlbhinsí. Ceapadh de Briotún mar Thaoiseach Rialtas an Bhogha (comhrialtas idir Fhine Gael, Pháirtí an Lucht Oibre agus an Daonlathas Clé) ach níor tugadh aireacht do de Diúc.

Ceapadh mar Aire é arís i mí Nollag 1996 sa Roinn Iompair, Fuinnimh agus Cumarsáide ach níor aththoghadh an rialtas in olltoghchán na bliana 1997.

Ceapadh de Diúc mar chathaoirleach Ghluaiseacht Eorpach na hÉireann. Mar child dá dhualgaisí sa phost seo, thug sé comhairle do thíortha oirthear na hEorpa a bhí ag iarraidh dul isteach san Aontas Eorpach.

Thacaigh sé le Micheál Ó Nuanáin agus é ag iarraidh ceannaireacht an pháirtí a bhuachaint sa bhliain 2001. D'éirigh leis an Nuanánach.

Tar éis na Polaitaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill de Diúc in olltoghchán na bliana 2002. Chaill Fine Gael 21 den 54 shuíochán a bhí ag an bpáirtí roimh an olltoghcháin. Dúirt roinnt tráchtairí áitiúla nach raibh sé ag tabhairt a dhóthain aire dá dháilcheantar agus go raibh sé níos tógtha le ceisteanna Eorpacha agus ceisteanna na tíre.

D'éirigh sé as an bpolaitíocht sa bhliain 2002. Ceapadh mar phríomhstiúrthóir Institiúid Gnóthaí Idirnáisiúnta agus Eorpacha. Tá sé gníomhach fós i bhFine Gael agus is Leas-Uachtarán an pháirtí é.

Cheap an tAire Airgeadais, Brian Ó Luineacháin, é mar stiúrthóir ar leasa an phobail ar Bhanc Angla-Éireannach i Mí na Nollag 2008.

Saol Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá de Diúc ina chónaí i mbaile Chill Dara ón mbliain 1981. Is polaiteoir áitiúil í a bhean, Fionnuala. Tá beirt iníonacha acu.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]