Alúm

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

KAl(SO4)2·12 H2O, de ghnáth. Sulfáit photaisiam alúmanaim hiodráitithe a dtugtar alúm coiteann air. Tá alúim eile ann: alúm iarainn le Fe in ionad Al, agus alúm cróim le Cr in ionad Al. Déanann siad uile criostail mhóra ochtaihéidreacha. Hidrealaítear alúm coiteann in uisce go dtí Al(OH)3 agus baintear úsáid as mar théachtach in íonú uisce.