Aithint carachtar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Teicneolaíocht a bhaineann le cumas córas ríomhairí patrúin ar leith a aithint. Uaireanta, tugtar aithint patrún uirthi. Nuair is é an cumas carachtair chlóbhuailte a léamh ó ghnáthábhair chlóbhuailte é, tugtar aithint optúil carachtar (OCR) uirthi. Teicneolaíocht eile atá an-choitianta is ea aithint carachtar dúigh mhaighnéadaigh (MICR) a úsáidtear ar fud an Domhain chun sonraí cosúil le huimhreacha cuntas bainc is sraithuimhreacha ar sheiceanna a léamh go huathoibríoch.