Aistiogmatacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Aistiogmatacht

Saobhadh sa radharc de bharr cuar míchothrom a bheith ar an gcoirne ar thosach na súile. Uaireanta, tarlaíonn sí le fadradharcgearr-radharc chomh maith, ach de ghnáth bíonn sí ann ó bhreith agus ní théann sí in olcas le haois. Ceartaítear í le spéaclaí, lionsaí tadhaill nó teicníocht mháinliach ina ndéantar gearrthaí beaga i gcoirne na súile le lansa nó, le déanaí, léasar (ceireatóime ghathach).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aistiogmatacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 29.