Aird

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Díriú chumas próiseála na hinchinne ar eolas ar leith atá ag teacht isteach i gcomhthéacs ina bhfuil eolais iomaíocha eile ar fáil. Mar shampla, má bhíonn seomra lán de dhaoine ag caint, is féidir éisteacht le duine amháin agus a bhfuil á rá aige a chloisteáil. Ní fios i gceart conas a dhéantar é seo, mar tá teoiricí ann a thairgeann go dtarlaíonn scagadh na bhfuaimeanna nach dteastaíonn go luath sna bealaí néarógacha don inchinn, agus teoiricí eile a thairgeann scagadh déanach sa phróiseáil inchinne díreach nuair a bhíonn duine chun freagairt a dhéanamh. Is an-deacair aird mharthanach a thabhairt, agus tarlaíonn laghduithe suntasacha i ndéanamh dualgais airdill má leanann duine ar aird thar 20 nóiméad. Sa neamhord easnamh airde, i bpáistí go háirithe, tarlaíonn raon neamhord, ina measc dianmhachnamh lag, hipirghníomhaíocht, agus deacrachtaí foghlama.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aird". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 26.