Ainéistéisigh áitiúla

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ainéistéisigh áitiúla

Drugaí a chuireann cailliúint shochúlaithe mothúcháin i bhfeidhm ar réigiún nó ball colainne trí bhac a chur ar na néar-ríoga ón réigiún sin don inchinn. Déantar é seo trí instealladh ag ionad na hobráide (taobh le fiacail atá le stoitheadh, mar shampla), in aice príomhstoic néarógaigh (in obráid ar ghéag, mar shampla), nó idir veirteabraigh ar leith an dromlaigh (mar a dhéantar in ainéistéise eipeadúrach). Ba é cócaon an chéad ainéistéiseach áitiúil, a tugadh isteach sna 1880idí, ach tá a úsáid sin imithe in éag mar thoradh ar fhadhbanna andúile is tocsaineachta. I measc na n-ainéistéiseach áitiúil is coitianta tá prócaon, ligneacaon is beinseacaon.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ainéistéisigh áitiúla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 24.