Ainéaladh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Maolú strus inmheánach i miotail i ndiaidh teaschóireála nó oibrithe (cosúil le bualadh, gaibhniú, síneadh), nó gloine i ndiaidh a múnlaithe nó a séidte. Déantar é tríd an réad a choinneáil ag teocht mheasartha chun gur féidir le hatheagrú móilíneach is criostalta tarlú, roimh é a fhuarú go mall. Feabhsaíonn sé seo airíonna fisiciúla, nó athchruthaíonn na bunairíonna.