Aimsir na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cuid suntais is ea aimsir na hAstráile sa mhéid go bhfuil sí difriúil go leor le haimsir na n-ilchríoch eile. Cúrsaí geograife is cúis leis sin sa mhéid go bhfuil an oiread sin den tír tur agus te agus go dtagann aer fuar aneas ón Antartach. Is éard atá san aimsir staid an atmaisféir de réir na gaoithe, na teochta, scamallachta, taise, brú atmaisféarach agus mar sin de - rudaí sealadacha a fhágann a rian ar aeráid na tíre ar feadh na mblianta.

Atmaisféar an Domhain. Tugann na dathanna léargas éigin ar shraitheanna an atmaisféir.

An Astráil agus an tAntartach[athraigh | edit source]

Criosanna comhaeráide san Astráil de réir rangú Köppen.

Tá cósta fada deisceartach na hAstráile neamhchosúil le cósta ar bith eile i gcúrsaí aimsire. Tá sé os cionn 3,000 ciliméadar ar fad agus é ag críochantacht leis an 35ú líne dhomhanleithid, a bheag nó a mhór.

Laisteas den chósta tá an tAigéan Deisceartach ag síneadh 3,000 ciliméadar go dtí an tAntartach. Tagann aermhaiseanna an-fhuara uaidh siúd aneas. Tagann teas éigin iontu agus iad ag teacht trasna an aigéin, ach tá an t-aer fionnuar fós nuair a bhaineann sé amach an Astráil. Lastuaidh den chósta tá limistéar leathan tur ann, áit a mbíonn an samhradh an-te agus an bháisteach gann. Buaileann an t-aer aduaidh agus an t-aer aneas i gcoinne a chéile, agus bíonn aimsir an-luaineach i ndeisceart na hAstráile dá bharr.

An tAntartach.

Na hilchríocha deisceartacha eile níl cósta fada acu atá comhthreomhar leis an Antartach. Tá cósta deisceartach na hAfraice níos cruinne agus níl sé chomh fada sin ó dheas. An chuid is faide ó dheas de Mheiriceá Theas ní sí ach 1,000 ciliméadar ó Oileán Palmer san Antartach, ach de bharr na hAindéis, sliabhraon fada, a bheith ann níl réigiún te intíre ann. Sa leathsféar thuaidh tá cósta tuaisceartach na hEorpa taobh istigh den Chiorcal Artach: ní mór an difríocht a bhíonn idir muir agus tír sa gheimhridh ná sa samhradh gearr ach oiread.

Cúrsaí ginearálta[athraigh | edit source]

Ní mór an maolú a dhéanann an t-atmaisféar ar theas na gréine agus é siúd ag dul i bhfeidhm ar dhromchla an domhain. Bailíonn an t-atmaisféar an teas sin chuige féin ansin, ach scaoiltear cuid mhaith de ar ais chun an spáis, réigiún an-fhuar.

Is mó de theas a fhaigheann an Teochrios ná taobhanna cuara na bpol toisc aghaidh an Teochreasa a bheith go díreach ar an ngrian, ach déanann an t-atmaisféar an teas úd a athroinnt ar na poil. Éiríonn an t-aer neamhdhlúth agus é ag baint teasa den talamh agus téann sé in airde dá bharr. An t-aer fuar dlúth a bhíonn os a chionn thagann sé anuas. Cuidíonn an ghaoth leis an malartú seo.

A mhalairt de scéal a bhíonn ann istoíche. Scaoiltear teas radanta amach ón talamh chun an atmaisféir uachtaraigh agus chun an spáis. Éiríonn an t-aer fuar agus dlúth, go háirithe san áit is gaire don talamh (fiú agus aer suaite ag tabhairt teasa anuas), agus fanann an t-aer sin thíos.

An Teochrios agus na poil[athraigh | edit source]

Amharc shimplithe ar thrí cealla móra cúrsaíochta.

Bheadh súil agat go n-éireodh aer te suas ón Teochrios agus é ag éirí fuar de réir mar a bheadh sé ag déanamh ar na poil, nó go dtiocfadh sé anuas agus é ag brú aer fuar polach i dtreo an Teochreasa. I ndáiríre ní féidir cúrsaíocht den saghas sin a choinneáil ar siúl chomh fada sin.

Roinntear an chúrsaíocht seo ina trí “chill”. An t-aer a éiríonn suas ag an Teochrios tagann sé anuas timpeall dhomhanleithead 30° agus é ag siúl leis i dtreo an phoil go dtí timpeall domhanleithead 60°, áit a n-éiríonn sé arís agus a aghaidh ar an bpol go fóill san atmaisféar uachtarach. Téann aermhaiseanna eile ar ais ar an dóigh chéanna.

Cuireann rudaí eile cor sa scéal seo. Bíonn an Domhan ag casadh aniar agus é ag sleamhú leis thíos faoi chlúdach an aeir. In aice an Teochreasa imíonn dromhchla an domhan timpeall 1,500 ciliméadar san uair; in aice na bpol, mar a bhfuil ga na cuaire níos giorra feadh na línte domhanleithid, maolaítear luas an chasta dá réir.

Sna réigiúin pholacha is ionann luas an dromchla agus luas an aeir, tríd is tríd. Fágann an t-aer an pol, áit a mbíonn a luas soir chomh mór le luas an Domhain, agus tagann chun domhanleithead eile, áit a mbíonn an Domhan ag casadh níos luaithe agus ag fágáil an aeir ina dhiaidh. Déarfá, mar sin, go mbíonn an ghaoth ag séideadh anoir.

Os a choinne sin, braitear tréanghaotha aniar sna domhanleithid lárnacha agus an t-aer ag déanamh ar na poil, ós luaithe an t-aer ná an dromchla.

Sna réigiúin thrópaiceacha bíonn an t-aer ag teacht aniar ón bpol mar thrádghaotha neamhgharbha a théann isteach sna doldrama ag an Teochrios.

Frontaí aimsire san Astráil[athraigh | edit source]

Is minic baint ag réimsí ardbhrú le haer atá níos fuaire agus níos tirime agus le spéir atá ag gealadh. Bíonn an t-aer ag teacht anuas agus ag neartú bhrú an atmaisféir ar dhromchla an Domhain. Na réimsí ardbhrú is treise baineann siad le haer fuar ó na poil a éiríonn níos laige ag gabháil dó thar uisce atá beagán níos teo.

Tagann réimsí lagbhrú ann de bharr téamh áitiúil i ngaineamhlaigh agus i limistéir eile. Ní bhíonn an t-aer te seo chomh dlúth leis an aer atá ina thimpeall, agus ag éirí dó laghdaíonn sé brú an atmaisféir ar an gcuid sin den dromchla.

Sa leathsféar theas gabhann an ghaoth deiseal timpeall réimsí lagbhrú agus tuathal timpeall réimsí ardbhrú.

Tugtar fronta ar an teorainn idir dhá aermhais. Aermhais fhuar a bhaineann le fronta fuar agus sleamhnaíonn sí síos ina ding dhlúth faoi aermhais the. Is iomaí dealramh a bhíonn ar na dingeanna fuara sin agus bíonn cuid acu níos luaithe ná a chéile. Is iomaí saghas aermhaise te ann freisin (tirim nó tais, mar shampla). Má thugann fronta te faoi aermhais fhuar téann sé in airde uirthi toisc a éadroime atá sé. Téann an aermhais te in áit an aeir fhuair agus é siúd ag cúlú.

Nuair a bhíonn réimse ardbhrú i dtreis in oirthear na hAstráile tagann aermhais the isteach ó lár te na tíre le gluaiseacht thuathalach an aeir. Braitear í mar ghaoth aduaidh agus d’fhéadfadh tréimhse 40 °C a bheith ann dá bharr. Nuair a dhruideann aer fuar anuas ón Antartach is minic ag teacht thar iardheisceart na hAstráile é. Tagann fronta deisealach ina ghaoth fhuar aniar aneas, agus baintear 10 °C nó 15 °C den teas ar an bpointe, rud a dtugtar “cool change” air sa ghnáthchaint.

Athraíonn an fronta agus é ag imeacht thar lár te na tíre, agus má bhaineann sé amach oirdheisceart Queensland b’fhéidir gur beag difríocht a bheadh idir é agus an ghaoth anoir aduaidh a bhíonn ann. Ní dhéanann sé ach an ghaoth úd a chur ar mhalairt treo agus aer níos tirime a mhalartú ar aer meirbh.

Tagairtí[athraigh | edit source]