Aimplitheoir

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Leagan ó 19:52, 13 Deireadh Fómhair 2015 le Chaco (plé | dréachtaí)
Aimplitheoir

Gléas nó ciorcad leictreonach a mhéadaíonn aimplitiúid comhartha leictrigh. Le trasraitheoirí is feistí eile leathsheoltóra ar chiorcaid iomlánaithe a thógtar na ciorcaid seo an lá atá inniu ann. I ngléas raidió, teilifíse nó eile bíonn na comharthaí a ghlactar leis an aeróg nó ó bhraiteoirtrasduchtóir an-lag ar fad, agus ní mór na comharthaí seo a aimpliú le haimplitheoir atá fuinnmhithe ag batairí nó ó mhogalra Bhord Soláthair an Leictreachais. De ghnáth is gá aimplitheoir ar leith a úsáid, ar a dtugtar aimplitheoir cumhachta, chun comharthaí closmhinicíochta a aimpliú is a sholáthar, mar shampla, do challaire le fuaim a ghiniúint.