Aimniceintéis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Próiseas diagnóisithe a dhéantar ag seachtainí 14-18 den tréimhse iompair, ina dtarraingítear sampla beag den sreabhán aimníneach amach as an mbroinn le snáthaid a chuirtear isteach trí bhalla an bhoilg, de ghnáth faoi stiúir íomháú ultrafhuaime. Bíonn an sreabhán aimníneach timpeall ar an bhféatas, agus cuimsíonn cealla ar féidir a anailísiú chun mínormáltachtaí comhbheirthe sa bhféatas, cosúil le siondróm Down is spina bifida, a bhrath. Léiríonn an anailís gnéas an fhéatais agus gnéithe normálta an fháis freisin.