Fostú candamach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Aimhréidh chandamach)
Fostú candamach

Airí bunúsach córais chandamaigh, ar chuir Erwin Schrödinger síos air den chéad uair, inar féidir le dhá chóras chandamacha idirghníomhú ar bhealach nach féidir sa bhfisic chlasaiceach. Coinníonn an dá chóras an comhghaol seo, faoi chúinsí áirithe, ionas gur féidir go mbeidh impleachtaí ag gníomhú ina dhiaidh sin ar chóras amháin díobh ar thoradh tomhais sa chóras eile. Léirfhíoraíodh é seo i dturgnaimh, agus cuimsíonn a fheidhmeanna ríomhaireacht chandamach is teileachumarsáid trí chripteagrafaíocht chandamach. Tugann an aimhréidh míniú ar mhilleadh an phatrún trasnaíochta i dturgnamh na scoiltíní dúbailte nuair a dhéantar monatóireacht ar cheann den dá rian, iarmhairt a mheastaí go hearráideach a bheith mínithe le prionsabal éiginnteachta Heisenberg. Deirtear go bhfuil dhá chóras scoite in aimhréidh nuair nach féidir an tonnfheidhm a chuireann síos ar chuingriú an dá chóras a fhachtóiriú in dhá thonnfheidhm scoite, ceann le haghaidh gach ceann den dá chóras scoite.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Aimhréidh chandamach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 22.