Ailtireacht Ghotach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar EalaíneAiltireacht Ghotach

Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálstíl ailtireachta
Early Gothic (en) Aistrigh

High Gothic (en) Aistrigh

late Gothic (en) Aistrigh

Rayonnant (en) Aistrigh

Craobhlasrach

Isabelline (en) Aistrigh

an Fhrainc
French Gothic architecture (en) Aistrigh

Sasana
Stíl nua-Shasanach

An Impireacht Naofa Rómhánach, ailtireacht
German Gothic (en) Aistrigh

an Spáinn
ailtireacht Ghotach na Spáinne

an Iodáil
ailtireacht Ghotach na hIodáile

An Veinéis
Venetian Gothic architecture (en) Aistrigh

Brick Gothic (en) Aistrigh

an Eoraip Láir
Gothic architecture in Central Europe (en) Aistrigh

an Pholainn
Gothic architecture in Poland (en) Aistrigh

Poblacht na Seice
Czech Gothic architecture (en) Aistrigh

Brabantine Gothic (en) Aistrigh

an Phortaingéil
Portuguese Gothic architecture (en) Aistrigh

an Rómáin
Gothic architecture in Romania (en) Aistrigh

an Liotuáin
Gothic architecture in Lithuania (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata
Leanann sé/síAiltireacht Rómhánúil Cuir in eagar ar Wikidata
Á leanúint agAiltireacht na hAthbheochana Cuir in eagar ar Wikidata

An fhoirm ailtireachta, reiligiúnda de ghnáth, a bhí forleathan in iarthar na hEorpa ón 12ú céad go dtí déanach sa 15ú céad. Bhíodh airíonna sainiúla aici, ina measc an áirse bhiorach, an boghta iomaireach, an taca crochta, taobhanna maorga istigh, agus fairsinge uasmhéideach fuinneog le gloine dhaite shofaisticiúil. Saothraíodh cuid mhaith stíleanna éagsúla. Tháinig ailtireacht Ghotach chun cinn sa Fhrainc i lár an 12ú céad. Shroich sí Éire go luath sa 13ú céad. Is í an áirse rinneach sainchomhartha na hailtireachta Gotaí (ba í an áirse chruinn sainchomhartha na hailtireachta Rómhánúla). Mar a luadh thuas, ba í an aolchloch rogha na dtógálaithe Gotacha, cé go raibh sé níos deacra í a shnoí ná gaineamhchloch. Is iad an dá Ardeaglais i mBaile Átha Cliath, Ardeaglais Chríost agus Ardeaglais Phádraig, an dá shampla tógála is fearr ón 13ú céad. Is sampla maith eile í an Ardeaglais ar Charraig Phádraig i gCo. Thiobraid Árann.

Bhí stíl níos simplí den ailtireacht Ghotach in úsáid go forleathan ar fud na hÉireann sa 15ú agus 16ú céad. Is í an áirse chíme sainchomhartha na stíle seo; d’úsáidtí an áirse chíme i gcinn fhuinneoige den chuid is mó. rith an 15ú agus 16ú céad, tógadh líon mhór eaglaisí paróiste ar fud na tíre. Tá leagan amach simplí orthu: cruth dronuilleogach, agus corp agus saingeal na heaglaise san áireamh, nó saingeal a bhí níos faide agus níos caoile ag an gceann thoir. B’annamh croslann ná pasáiste a bheith san eaglais. Tá an doras isteach gar do cheann thiar an bhalla theas. Ba mhinic go raibh lochta don sagart ag an gceann thiar - is féidir é a aithint ón bhfuinneog ard sa bhinn thiar agus ó na coirbéil chloiche a thugann tacaíocht do na maidí urláir sna taobh-bhallaí. Roinneadh an chuid istigh idir corp, ag an gceann thiar don phobal, agus saingeal ag an gceann thoir, ina raibh an altóir. Bhíodh scáthlán adhmaid mar dheighilt idir an corp agus an saingeal. Bhíodh an fhuinneog ba mhó i lár an bhalla thoir, os cionn na haltóra.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ailtireacht Ghotach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 20.