Ailse mhuineál na broinne
Is ailse urchóideach í ailse mhuineál na broinne nó an ailse cheirbheacsach. Is é an víreas sineánómach daonna nó VSD is cúis leis an ailse, víreas a scaiptear ó dhuine go duine le linn gníomhaíochta gnéis (ní gá gur comhriachtain a bheadh i gceist). Is féidir le fir agus mná araon an víreas a tholgadh. Tá os cionn 100 cineál VSD ann ach níl ach 13 cinn acu aitheanta mar chúis leis an gcineál seo ailse agus bíonn dhá cheann díobh – cineálacha 16 agus 18 – ina gcúis do 70% de na cásanna. Is féidir gur comhartha don ghalar seo é fuiliú na faighne, ach is minic nach mbíonn airíonna ar bith le haithint roimh fhorbairt na halse tromchúisí.
Nuair nach bhfuil an ailse ach i dtús a forbartha, is féidir dul i muinín máinliachta le hí a leigheas, eisceadh logánta san áireamh. Níos déanaí i bhforbairt na hailse, beidh ceimiteiripe agus radaiteiripe ag teastáil freisin.
Tá vacsaín i gcoinne an víreas sineánómach daonna (VSD) á hofráil anois chun girseacha óga a chosaint ar an dá chineál is coitianta den víreas is mó is trúig leis an ailse seo, mar atá, VSD-16 agus VSD-18. Tá sé incheaptha go mbeidh vacsaín ann a dhíonfaidh an t-othar ar na cineálacha eile den víreas seo ar féidir leo an ailse seo a tharraingt air.
Úsáidtear smearadh Pap, modh oibre a chéadcheap George Nicolas Papanicolaou, leis an ngalar a aithint go luath rud a ligeann do na cnáimhseoirí é a leigheas le hobráid cuíosach simplí.
