Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaAilbhe Ní Ghearbhuigh
Beathaisnéis
Breith1984
39/40 bliana d'aois
Trá Lí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Gaillimhe Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

File Éireannach is ea Ailbhe Ní Ghearbhuigh a rugadh sa bhliain 1984 i dTrá Lí i gContae Chiarraí. Tá sí áirithe ar na filí Gaeilge is fearr den ghlúin seo.

D'fhreastail sí ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus bhain amach BA i nGaeilge agus i bhFraincis sa bhliain 2005. Chaith sí tamall ina dhiaidh sin sa Fhrainc in Épernay, Roazhon agus Bordeaux, agus d'fhill ar Ghaillimh chun MA sa Nua-Ghaeilge a dhéanamh.[1]

I Mí Lúnasa 2007 fuair sí scoláireacht Fulbright, rud a lig di bliain a chaitheamh ag múineadh Gaeilge in Institiúid an Léinn Ghael-Mheiriceánaigh ag Coláiste Lehman i Nua-Eabhrac.[2] Sa bhliain 2008 bhronn an Chomhairle Ealaíon sparántacht uirthi agus d'fhill sí ar Ghaillimh.[3]

Saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig dánta léi amach ar An Guth, Feasta, Crannóg, Poetry Ireland Review/Éigse Éireann agus Comhar.[4] Tá dánta léite aici ag féile litríochta Imram agus sa bhliain 2008 chuaigh sí go hAlbain le Cuairt na bhFilí go hAlbain, tionscadal a bhfuil baint aici fós léi.[5][6]

D'fhoilsigh Coiscéim Péacadh, a céad chnuasach filíochta, sa bhliain 2008.[7]

D'fhoilsigh Gallery Press The Coast Road, cnuasach Gaeilge le haistriúcháin Bhéarla sa bhliain 2016

File cathrach is ea Ní Ghearbhuigh, agus cuireann sí síos ar shaol na sráideanna in Éirinn agus thar lear:

anocht
ag filleadh dom
blaisim allas na cathrach
faram… (Filleadh ar an gCathair).

Níor éirigh léi ceist chráite na teanga féin a sheachaint ar fad (Laethanta Lagmhisnigh), ach léiríonn a saothar beocht na teanga úd i saol ilghnéitheach uirbeach. Tá sé ráite ina taobh go bhfuil rian an tsoirbhíochais ar a cnuasach i gcoitinne ach go bhfuil coimhthíos mearbhallach agus eolas ar ghuagaíocht an tsaoil le fáil i gcuid de na dánta is fearr aici.[8]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 'Galway in verse,' 3 Nollaig 2008, Galway Independent: http://www.galwayindependent.com/entertainment/entertainment/galway-in-verse-/ Curtha i gcartlann 2011-07-11 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
  2. 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Munster Literature Centre: http://www.munsterlit.ie/Writer%20pages/Ni%20Ghearbhuigh,%20Ailbhe.html Curtha i gcartlann 2009-10-05 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
  3. 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Munster Literature Centre: http://www.munsterlit.ie/Writer%20pages/Ni%20Ghearbhuigh,%20Ailbhe.html Curtha i gcartlann 2009-10-05 ar an Wayback Machine. Seiceáladh ar 17 Lúnasa 2011.
  4. Féach Comhar, Aibreán 2011, Imleabhar 71, Uimhir 4.
  5. 'Grúpa Éireannach le File, Ceoltóir agus Amhránaí ar chamchuairt timpeall Gharbhchríocha na hAlban,' Gaelport, 31 Lúnasa 2008: http://www.cogar.ie/default.aspx?treeid=8&NewsItemID=4252[nasc briste go buan].
  6. 'Comórtas Uí Néill Poetry Shortlist Announced,' Gaelport, 22 Márta 2011: http://www.gaelport.com/default.aspx?treeid=37&NewsItemID=5858[nasc briste go buan].
  7. Liosta foilseachán: http://www.coisceim.ie/2008.html.
  8. Féach 'Ailbhe Ní Ghearbhuigh,' Livia Brennan, Ireland - Poetry International Web: http://www.poetryinternationalweb.net/pi/site/poet/item/18333 Curtha i gcartlann 2013-10-07 ar an Wayback Machine.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]