Ailbíneachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Páiste ailbíneach

Neamhord lítheach dúchasach atá coitianta go leor i measc na veirteabrach uile, daoine san áireamh. Easpa lí sa chraiceann a bhíonn ag an duine a bhuaileann sé. I ndaoine, easpa meilinine a bhíonn ann, agus féadfaidh sí sin a bheith baolach mar ní bhíonn an oiread sin cosanta i gcoinne na dtonnfhad ultraivialaite sa ghrianradaíocht. Bíonn an ghruaig bán, an craiceann is na hinteacháin bándearg. Fuarthas i 1990 gur géin ar chrómasóm 11 atá freagrach as an neamhord seo, agus mar thoradh air seo bíonn easpa tirisíonáise, an einsím is gá é chun meilinin a thál.